

Cuirfidh an cogadh trádála isteach go dona ar mhargadh na dtithe, toisc go mbraitheann sé ar dhaoine a bhfuil pá ard acu, de réir tuarascála nua.
Mar gheall ar an soláthar íseal de na tithe, leanfaidh praghsanna ar aghaidh ag ardú ach meastar go dtiocfaidh moill ar an mboilsciú (inflation) go 5% i mbliana, i gcomparáid le 8.7% anuraidh.

Agus tá an todhchaí ag brath ar thoradh chogadh trádála an Uachtaráin Donald Trump, de réir na tuarascála don suíomh gréasáin réadmhaoine MyHome.ie a rinne Banc na hÉireann.
Dúirt Príomh-eacnamaí Bhanc na hÉireann Conall MacCoille: ‘Is iad an soláthar íseal agus an t-éileamh méadaitheach leanúnach atá fós ag tiomáint an mhargaidh réadmhaoine.’
Tá margadh tithíochta na hÉireann ag brath orthu siúd atá ag barr an tábla ioncaim agus beidh a bpoist i mbaol má bhíonn turraing eacnamaíoch dhiúltach tobann (sudden negative economic shock), mar an cogadh taraife idir SAM agus an AE.
Dúirt MacCoille gur measa an bhagairt má chailleann daoine a bpoist san earnáil ilnáisiúnta ar phá ard.
Dúirt sé: ‘Tá rudaí ag athrú gach lá. Cé a fhios cá mbeidh muid i gceann seachtaine?
‘Más ann do chogadh trádála eacnamaíochta domhanda d’fhéadfadh go mbeadh sé ina fhadhb do mhargadh tithíochta na hÉireann.’
Mar gheall ar an soláthar íseal agus éileamh láidir ar thithe, tá ardú 5% ar phraghas tithe tuartha ag MyHome i mbliana.
Ach d’fhéadfadh sé sin a bheith níos measa má thagann an cogadh trádála i bhfeidhm.
Dúirt an tUasal MacCoille go bhféadfadh go gcuirfeadh an éiginnteacht eacnamaíoch atá ann faoi láthair ina luí ar cheannaitheoirí áirithe fanacht sula gceannóidh siad a dteach nua.
Cuirfidh daoine moill ar phleananna chun a dtithe a dhíol freisin, rud a dhéanfaidh cúrsaí níos measa.
Bhí an líon is lú tithe ar díol ar shuíomh MyHome an mhí seo caite – 10,800 – agus tá an meán-am le haghaidh ‘sale agreed’ síos go dtí 11 seachtain.
Dúirt an tUasal MacCoille go bhfuil éiginnteacht ann faoin líon tithe a thógfar i mbliana.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.