

Bhí an ghrian ag spalpadh anuas ar an tír le cúpla lá anuas – agus de réir Met Éireann leanfaidh an dea-aimsir ar feadh na coda eile den tseachtain.
D’ardaigh an teocht go 19 gcéim Dé Luain agus Dé Máirt, agus meastar go bhfanfaidh sé chomh hard sin – ar a laghad – ar feadh na seachtaine ar fad.
Is é an réamhaisnéis atá ag Met Éireann go dtí an Aoine ná aimsir thirim agus socair le neart solais na gréine.
Mar sin féin beidh scamall ag teacht isteach Dé Sathairn, agus seans go mbeidh roinnt ceathanna ann Dé Domhnaigh.
Dúirt Brandon Creath ó Met Éireann: ‘Beidh an chuid is fearr den aimsir in iarthar na tíre, go háirithe i nGaillimh agus sa Chlár.
‘Is léir go mbeidh spéartha gorma ach oícheanta níos fuaire, agus oíche Dé Domhnaigh beidh an teocht chomh híseal le -1.5C i gceantair áirithe.’
An aimsir don Chéadaoin
Lá tirim grianmhar eile a bheidh ann le ceo agus ceobhráin ar maidin.
Teocht is airde 14 go 20 céim agus níos fuaire in aice le cóstaí thoir agus theas le gaoth éadrom.
Oíche Chéadaoin: Tirim. Roinnt ceo agus ceobhráin. Teocht is ísle 2 go 7 gcéim.
An aimsir don Déardaoin
Beidh sé tirim agus grianmhar, cé go mbeidh beagán ceobhráin. Teocht is airde 16 go 20 céim le gaotha athraitheacha éadroma.
Oíche Déardaoin: Beidh ceo agus ceobhráin thar oíche, agus beidh sé trom i gceantair áirithe. Seachas sin beidh sé tirim. An teocht is ísle idir 3 agus 7 gcéim i ngaoth éadrom.

An aimsir don Aoine
Glanfaidh ceo agus ceobhráin don chuid is mó go luath ach d’fhéadfadh ceo fanacht in aice le cóstaí. Go ginearálta lá tirim grianmhar ach níos dorcha nuair a mhaireann ceo.
Beidh na teochtaí is airde sa raon ó 13 céim san iarthuaisceart go 19 céim sa deisceart i ngaoth éadrom siar ó dheas.
An aimsir don Satharn
Beidh ceo ann go luath Dé Sathairn. Lá tirim eile a bheidh ann ach níos scamallaí ná mar a bhí sé le déanaí, go háirithe trasna an iarthair agus an tuaiscirt.
Titfidh na teochtaí siar beagán idir 13 go 17 gcéim i ngaoth éadrom.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.