

Níl an Rialtas chun reachtaíocht a thabhairt isteach a chuireann cosc ar earraí a cheannach ó lonnaitheoirí mídhleathacha ar thailte na Palaistíne ar nós an Bhruaigh Thiar, de réir foinsí.
Roimh an toghchán deireanach dúirt an Tánaiste Simon Harris agus an Taoiseach Micheál Martin araon go raibh gá lena leithéid de reachtaíocht agus go raibh sé mar chuid de pholasaí na Náisiún Aontaithe.

Dúirt an tUasal Martin go bhfuil an Bille atá tugtha faoi bhráid na Dála cheana féin as dáta ach go dtabharfaí isteach reachtaíocht nua chun cosc a chur ar dhíol earraí dá leithéid go hÉirinn.
Mar sin féin, tháinig airí faoi bhrú ó ghrúpaí atá ag tacú le hIosrael, go háirithe ó thuas na hionsaithe a rinne arm Iosrael ar Gaza.
Mharaigh arm Iosrael 50,000 fear, bean agus páiste Palaistíneach i nGaza agus bhí ar 90% den daonra a dtithe a fhágáil fad is a bhí bloic árasán, ospidéil agus foirgnimh á scrios.
Ag tús mhí an Mhárta chuir Iosrael cosc ar gach soláthar bia, breosla, leighis agus cabhrach daonnúla dul chuig mhuintir na Palaistíne a chónaíonn i nGaza.
Ag an am céanna leanann ionsaithe ar mhuintir na Palaistíne ar an mBruach Thiar ag lonnaitheoirí Iosraelacha le tacaíocht saighdiúirí Iosraelacha.
Agus tar éis agóid Lá na Máthar in aghaidh na maruithe i nGaza taobh amuigh den Dáil, tá 14 duine san iomlán gafa.
Chuirfeadh an Bille cosc ar thrádáil earraí agus seirbhísí idir Éire agus lonnaíochtaí mídhleathacha Iosrael atá ag cur brú ar mhuintir na Palaistíne.
Agus tá brú suntasach ar an Rialtas an Bille a scrioseadh, ó lucht tacaíochta Iosrael i Meiriceá.

Ceaptar anois go bhfuil airí Rialtais anseo ag baint úsáide as na taraifí Trump mar leithscéal chun deireadh a chur leis an mBille um Chríocha faoi Fhorghabháil, de réir tuairiscí.
Dúirt foinse amháin: ‘Dá ndéanfadh aon duine iarracht an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil a chur os comhair an Dáil bheadh sé cosúil le sceimhlitheoireacht eacnamaíoch.’
Dúirt urlabhraí don Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil ‘amlíne’ ann chun an reachtaíocht a thabhairt isteach.
Dúirt an t-urlabhraí ina dhiaidh sin nár chreid sé go raibh baint aige sin leis na taraifí agus go bhfuil an reachtaíocht mar chuid den Chlár don Rialtas.
Thug Ambasadóir Mheiriceá in Éirinn Clare Cronin rabhadh don Uasal Martin anuraidh go mbeadh ‘iarmhairtí’ ann dá rithfí an reachtaíocht agus bhí Aire Fiontair Peter Burke faoi bhrú ag Cumann Tráchtála Mheiriceá.
I ríomhphost a d’fhoilsigh suíomh gréasáin The Ditch, scríobh Ms Cronin chuig ard-rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Joe Hackett, ag rá go mbeadh tionchar ag an reachtaíocht ar 1,000 cuideachta SAM atá ag feidhmiú in Éirinn.
‘Táim ag leanúint go dlúth le forbairtí a bhaineann leis an mBille um Chríocha faoi Fhorghabháil (OTB), mar atá comhghleacaithe i Washington,’ a scríobh sí.
‘Is cúis imní dúinn, dá n-achtófar é ina fhoirm reatha, go gcruthódh an Bille éiginnteacht eacnamaíoch do bheagnach 1,000 cuideachta SAM atá ag feidhmiú in Éirinn, mar go gcuireann an tAcht um Riarachán Onnmhairithe Mheiriceá (American Export Administration Act) cosc ar ghlacadh le ‘baghcat eachtrach neamhcheadaithe,’ a scríobh Ms Cronin.
Le linn a thurais chuig na Stáit Aontaithe le haghaidh Lá Fhéile Pádraig tháinig an tUasal Martin faoi bhrú ó ghrúpaí a thacaíonn le hIosrael.
D’eisigh Coiste Giúdach Mheiriceá (American Jewish Committee) ráiteas ag maíomh go ndúirt an tUasal Martin go raibh an Bille á scriosadh.

Dúirt an tUasal Martin ag an gcruinniú nach raibh an Bille ‘ar an bhféilire reachtaíochta a thuilleadh’, a dúirt an ráiteas.
‘Dúirt an Taoiseach gur dócha go bhfuil an reachtaíocht mar atá sí dréachtaithe míbhunreachtúil. Cé nach raibh sé caite amach go hiomlán, dúirt sé nach raibh sé ar an bhféilire reachtaíochta a thuilleadh,’ a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí an Taoisigh nár inis sé é seo don chruinniú. Mar sin féin ní raibh an Bille san áireamh i gClár Reachtaíochta an Earraigh.
Níl an Bille mar chuid de Chlár an Rialtais. Mar sin féin, gheall sé go ndéanfaí dul ar aghaidh leis an ‘reachtaíocht a chuireann cosc ar earraí ó Chríocha na bPalaistíneach faoi Fhorghabháil’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.