

Déanfaidh taraifí Trump agus cogadh trádála trasatlantach dochar d’Éirinn níos measa ná mar a tharla sa ghéarchéim in 2008, a dúirt eacnamaí mór le rá.
Tá sé ráite ag Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, go gcuirfidh Meiriceá taraifí i bhfeidhm ar tháirgí cógaisíochta ar ‘lá na saoirse’ air an 2 Aibreán, Dé Céadaoin seo chugainn.
Agus luaigh sé Éire ina chuid tuairimí faoi na taraifí.

Tá an tUasal Trump ag iarraidh na billiúin d’onnmhairí cógaisíochta na hÉireann a thabhairt ar ais go Meiriceá.
Agus é ag síniú na n-athruithe nua an tseachtain seo dúirt Trump go mbeidh taraifí ar chógaisíocht cinnte.
Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ar RTÉ oíche Dhéardaoin go bhfuil sé ag iarraidh ‘líne a chur faoi scála na turrainge… a d’fhéadfadh a bheith romhainn’.
Agus dúirt an t-eacnamaí Dan O’Brien ar 2 Aibreán ‘go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh sé an lá is measa i stair eacnamaíoch na hÉireann’ ó tharla an ghéarchéim in 2008.
Dúirt an tUasal Trump nach dtuilleann SAM ‘aon rud’ i dtéarmaí drugaí agus cógais.
Dúirt Trump: ‘Is i dtíortha eile atá siad déanta, sa tSín den chuid is mó, agus go leor acu in Éirinn.
‘Bhí Éire an-chliste. Is breá linn Éire. Ach beidh siad sin againn.’
Tá Éire ar cheann de na honnmhaireoirí cógaisíochta is mó ar domhan mar gheall ar roinnt cuideachtaí móra de chuid na SA a oibríonn láithreáin déantúsaíochta ar fud na tíre.
Ag deireadh 2024, d’ardaigh onnmhairí na hÉireann go dtí na SA go €72.6billiún, agus tháinig €44.4 billiún de sin ón earnáil chógaisíochta agus leighis, de réir an ESRI.
Creidtear go ndíreoidh ‘lá saoirse’ an Uasail Trump, nuair a chuirfidh sé roinnt taraifí i bhfeidhm, ar a bhfuil Rúnaí Státchiste Mheiriceá Scott Bessent ag glaoch ar an ‘Dirty 15’.
Is é sin na tíortha a bhfuil an trádáil is mó acu leis na SAM.
Tá anailísithe ag súil go mbeidh Éire ar an liosta sin, mar bhall den AE, nó níos measa, ina haonar.
Le linn agallaimh le déanaí agus é in Aerfort na Sionainne, scríobh an tUasal Bessent ‘AMERICA FIRST!’ san aoileabhar.
Dúirt an tAire Airgeadais Donohoe le Prime-Time RTÉ oíche Déardaoin go bhfuil ‘an-imní’ air faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag taraifí agus ag cogadh trádála féideartha ar gheilleagar na hÉireann.
Dúirt sé freisin: ‘Bhí mé féin agus an tír seo tar éis dul i ngleic le fadhbanna agus dúshláin mhóra eile san am a chuaigh thart.
‘Anseo tráthnóna, ba mhaith liom béim a leagan ar scála an athraithe a d’fhéadfadh a bheith orainn chun déileáil leo agus na deacrachtaí suntasacha agus fíor-éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann dár ngeilleagar.
‘Ba mhaith liom béim a leagan ar scála turrainge an dúshláin a d’fhéadfadh a bheith romhainn anseo in Éirinn.’
Dúirt príomh-eacnamaí na hInstitiúide um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha an tUasal O’Brien: ‘Tá an chuma ar an 2 Aibreán go mbeidh sé an lá is measa i stair eacnamaíoch na hÉireann ó 29 Meán Fómhair 2008 agus Nollaig 2010 [nuair a tharla an ghéarchéim].
‘Ní bheidh éifeachtaí láithreach na dtaraifí drámatúil ach d’fhéadfadh an tionchar níos fadtéarmaí ar mhúnla eacnamaíoch na hÉireann a bheith níos doimhne ná 2008/2010.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.