

Chan Dolly Parton go raibh oibriú 9-to-5 ‘all taking and no giving’ – agus chanamar go léir in éineacht léi.
Mar sin féin, d’fhéadfadh uaireanta oibre traidisiúnta a bheith an-mhaith dúinn, de réir an staidéir is déanaí.

Tugann an suirbhé le fios go bhféadfadh an bealach a oibríonn tú níos luaithe i do shaol a bheith nasctha le do shláinte blianta níos déanaí.
Rinne eolaithe anailís ar shonraí ar níos mó ná 7,000 oibrí ag féachaint an bhfuil patrúin fhostaíochta agus muid óg nasctha le fadhbanna níos déanaí sa saol mar fhadhbanna codladh i gceart, fadhbanna sláinte choirp nó meabhairshláinten (mental health).
I gcomparáid le daoine a d’oibrigh le linn uaireanta traidisiúnta i rith an lae nuair a bhí siad óg, bhí siad siúd a d’oibrigh uaireanta neamhrialta nuair a bhí siad níos óige ag déileáil le fadhbanna codlata agus comharthaí dúlagar (depression) ag aois 50 bliain.
Chonacthas na torthaí is suimiúla dóibh siúd a raibh uaireanta oibre traidisiúnta acu ina 20idí agus a d’aistrigh ansin chuig uaireanta oibre níos neamhrialta ina 30í.
Tugann na taighdeoirí le fios go ndéanann sceidil oibre neamhrialta agus droch-chodladh sinn níos leochailí (vulnerable) i leith saincheisteanna sláinte.
Tugann an staidéar, a foilsíodh san iris, Plos One, le fios freisin go bhféadfadh fadhbanna sláinte ag daoine scothaosta a bheith mar thoradh ar tionchair dearfacha agus diúltacha na sceidil oibre.
Dúirt príomhúdar an staidéir an tOllamh WenJui Han, ó Ollscoil Nua-Eabhrac, go raibh drochshláinte ‘i bhfad níos airde’ acu siúd a raibh socruithe oibre neamhrialta acu, fiú i gcomparáid leo siúd a bhí gan phost.
Mar sin, b’fhéidir go bhfuil sé in am taitneamh a bhaint as an amhrán.
Cliceáil anseo chun Dolly Parton a chloisteáil ag canadh 9 go 5, ach déan neamhaird den teachtaireacht.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.