Cheltenham: Cén luach atá ar ár dtriúr traenálaithe is fearr?

13/03/2025

Traenála capall na hÉireann atá ar na cinn is fearr ar domhan … agus ag Cheltenham

Thaisteal na mílte Éireannaigh go Sasana an tseachtain seo le freastal ar Fhéile Cheltenham i mbliana. Agus tá cuid de na traenálaithe is fearr ann, ar ndóigh, as Éirinn. Ach cé chomh saibhir atá siad?

Anuraidh, d’éirigh leis an traenálaí Willie Mullins 103 bua a bhaint amach i Cheltenham,  sin níos mó ná aon  traenálaí eile.

Bhí ainm Mullins le feiceáil níos mó ná 150
uair ar na liostaí tosaíochta do na 28 rás ag Cheltenham an  tseachtain seo.

Áfach, bhí beirt traenálaí Éireannacha eile in iomaíocht leis ag Cheltenham, Gordon Elliott agus Henry de Bromhead.

millie wullins f

Willie Mullins

Is le Mullins agus a bhean Jackie an comhlacht Closutton Equine Ltd.

I 2022, rinne an comhlacht brabús ar luach €292,170 roimh cháin agus tuairiscíodh go
raibh sócmhainní ar luach €1.66m acu.

Le cúig bliana anuas, d’éirigh le capaill de
chuid Mullins buanna i léimrásaí ar luach €29.7m a fháil in Éirinn agus £7.8m (€9.3m) sa Bhreatain dar leis an Racing Post, agus ní
amháin ag Cheltenham.

Idir an dá linn, fuair capaill Mullins €1m a bhuachan i ré-rásaí in Éirinn agus £981,700 (€1.17m) sa Bhreatain.

Ar an iomlán d’éirigh lena chapaill buanna ar luach €41.2m a bhaint amach ó Aibreán 2020.

Gordon Elliott 6

Gordon Elliott

Tá Gordon Elliott i gceannas ar Cullentra Bloodstock Ltd, agus
tuairiscíodh gur bhain an comhlacht seo brabúis ar luach €415,600 amach i 2023.

Tá an comhlacht lonnaithe ar suíomh 78 acra i gContae na Mí, agus cheannaigh Elliott na stáblaí seo i 2011.

Ó 2006 ar aghaidh, d’éirigh le capaill de chuid Elliott os cionn €50m a bhuachan in Éirinn agus
sa Bhreatain agus is maith leis Cheltenham.

henry de broomhead

Henry de Bromhead

Tá de Bromhead agus a bhean Heather i gceannas ar an gcomhlacht Knockeen Racing Ltd agus d’éirigh leo brabús ar luach €1.7m ó Mhéan Fómhair 2021.

Níl ar an gcomhlacht cuntais a fhoilsiú a thuilleadh ach tá sócmhainní ar luach €1.2m acu idir fhoirgnimh, stáblaí, meaisíní agus feithiclí.

Le cúig bliana anuas, d’éirigh le capaill de chuid de Bromhead buanna ar luach €9.1m a bhaint amach ag léimrásaí in Éirinn
agus £230,100 (€273,600) sa Bhreatain.

Ag na ré-rásaí, fuair capaill de Bromhead buanna ar luach €825,600 in Éirinn agus £629,900 (€749,100) sa Bhreatain.

San iomlán, d’éirigh le capall a thraenáil de Bromhead buanna ar luach €10.9m a fháil ó Aibreán 2020.

An mbeidh an t-ádh sin ar na hÉireannaigh a thaistealaíonn go Cheltenham chun geall a chur ar na capaill ar an lá deiridh?


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram