

Tá praghsanna tithe fós ag ardú in ainneoin na gealltanais atá déanta ag an rialtas chun níos mó tithe a thógáil.
Agus tuairiscíodh Dé hAoine seo caite go bhfuil níos mó daoine ná riamh gan dídean.
Thaispeáin figiúirí ón Roinn Tithíochta go bhfuil 15,200 duine – 4,600 páiste ina measc – gan dídean sa stát faoi láthair.
I mí Eanáir, thug doiciméad inmheánach ón Roinn Airgeadais le fios go dtiocfaidh ardú ar phraghsanna tithe.
Sa doiciméad, scríobh oifigeach: ‘Tá praghsanna tithe ag méadú fós de bharr easpa soláthair.

‘Ar an meán, thit rátaí do mhorgáistí go dtí an ráta is ísle ó bhí an Samhradh ann i 2023 – rud a chuireann leis an gcumas atá ag daoine níos mó airgid a chaitheamh.
‘Níor tháinig ardú mór ar an bpraghas ar ábhair thógála, ach nuair a gearradh rátaí úis (interest rates) Mí na Nollag, chuir sé sin leis an mbaol go dtiocfaidh brú ar phraghsanna.’
Thug an doiciméad eolais faoi dearadh ar an meán, go raibh costais tithe €350,000 (+8.4%) in Éirinn anuraidh, agus go raibh costais tithe i mBaile Átha Cliath €470,000 (+7%).
D’admhaigh neart airí rialtais tar éis an olltoghcháin go bhfuil siad chun athrú a dhéanamh ar a bplean 50,000 teach a thógáil gach bliain ar feadh cúig bliana.
Thaispeáin figiúirí tithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tógadh 32,300 teach nua anuraidh, cé gur gheall airí sinsearacha sa Rialtas go mbeadh 40,000 tógtha.
Chomh maith leis sin tá go leor daoine buartha go bhféadfadh costas a gcíosa ardú níos mó fós mar gheall ar bheartas an rialtais.
Ag caint faoi Criosanna Brú Cíosa (rent pressure zones, RPZanna) am mhí seo caite, dúirt an Taoiseach Micheál Martin le Teachtaí Dála Fhianna Fáil gur cheart go mbeidís réidh le haghaidh ‘cinntí nach dtaitneofar’ ar thithíocht.
Thug an tUasal Martin an teachtaireacht ag cruinniú príobháideach dá pháirtí parlaiminte, cúpla lá sular thug sé agallaimh leis na meáin le fios go bhféadfadh Criosanna Brú Cíosa a bheith imithe faoi dheireadh na bliana seo.
Choinnigh na rialuithe cíosa costais chíosa síos i gceantair áirithe mar gheall ar líon na dteaghlach in Éirinn nach bhfuil sé d’acmhainn acu cíos a íoc nó teacht a fháil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.