Feicimid na láithreacha tógála! Ach cá bhfuil na tithe? Thit díolacháin tithe 20% agus d’ardaigh praghsanna arís

Níl dóthain tithe ar díol agus tá go leor acu sin atá ar díol á gceannach ag infheisteoirí eachtracha nó príobháideacha

Bhí líon na dtithe agus na n-árasán a díoladh i mí an Mhárta 20% níos ísle ná bliain roimhe sin agus tháinig ardú 7.3% ar phraghsanna i mbliain, a léiríonn figiúirí nua.

Tá praghsanna réadmhaoine (property) lasmuigh de Bhaile Átha Cliath 9.5% os cionn buaic an Tíogair Cheiltigh anois, a léiríonn sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (Central Statistics Office, CSO).

Díoladh 3,314 réadmhaoin i mí an Mhárta 2024, titim 818 – nó beagnach 20% – ar an 4,132 díolachán i mí an Mhárta 2023.

Bhí 14,482 réadmhaoin ar an margadh an tseachtain seo, ach i 2019, roimh an bpaindéim, bhí breis agus ceithre huaire níos mó ar díol.
Bhí 14,482 réadmhaoin ar an margadh an tseachtain seo, ach i 2019, roimh an bpaindéim, bhí breis agus ceithre huaire níos mó ar díol.

Deir saineolaithe go gciallaíonn an easpa tithe nua nach bhfuil daoine a d’fhéadfadh a bheith ag bogadh ag díol a dtithe féin mar gur beag an rogha atá ann ceann eile a cheannach.

Chuir roinnt arduithe rátaí úis ón mBanc Ceannais Eorpach (European Central Bank, ECB), a chuir bainc Éireannacha ar aghaidh, isteach ar an mhargadh, ach níor leor fiú an laghdú ar rátaí an ECB a bhfuiltear ag súil leis an mhí seo chugainn chun tús a chur le díolacháin.

Dúirt an léachtóir Lorcan Sirr, ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Technological University Dublin), go gciallaíonn tithe atá á gceannach ag údaráis áitiúla agus ag infheisteoirí eachtracha nó príobháideacha go bhfuil níos lú tithe ar díol le gnáth daoine.

Dúirt sé: ‘Tá níos lú agus níos lú réadmhaoine le ceannach ag daoine gach bliain.

‘Anuraidh níor cheannaigh ach 30% de cheannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) teach nuathógtha (newly-built), mar sin caithfidh siad teach a cheannach ó dhuine atá ag bogadh amach.

‘Níl áit ar bith ag na daoine sin le bogadh ann ach an oiread, agus mar sin tá srian ar roghanna daoine.’

Bhí 14,482 réadmhaoin ar an margadh an tseachtain seo, ach i 2019, roimh an bpaindéim, bhí breis agus ceithre huaire níos mó ar díol.

Bhí ardú níos mó ná €20,000 ar phraghsanna i rith na bliana, ó mheánmhéid de €365,600 i Márta 2023 go dtí €386,000 anois.

Tá praghsanna ar fud na tíre suas 7.3%, agus i mBaile Átha Cliath d’ardaigh siad 7.7%.

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, bhí ardú 7.2% ar phraghsanna tithe agus d’ardaigh árasáin 10%.

Bhí an t-ardú is tapúla i bpraghsanna san Iarthar Láir –  An Clár, Luimneach agus Tiobraid Árann –ag 12.3%.

Dúirt Cian O’Callaghan, TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta: ‘Ní haon ionadh gur thit úinéireacht tí go dtí an leibhéal is ísle le breis agus 50 bliain. Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag iompú Éire ina náisiún cíosaithe (nation of renters) go gasta.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram