Jack Charlton agus Italia 90… Scéalta na leaids

03/03/2025

Beidh scéalta faoi Big Jack Charlton, Italia 90 agus níos mó le cloisteáil ag imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh 

Chuir Jack Charlton a láimh ina phóca agus bhain sé amach bosca toitíní folamh. D’oscail sé é go cúramach le breathnú ar na nótaí a bhí breactha síos aige.

Timpeall air bhí imreoirí na hÉireann, agus iad fanacht ar mholtaí ón mbainisteoir.

Sa bhliain 1993, Mí an Mheithimh, bhí Éire ag ullmhú le haghaidh dhá chluiche cáilíochta don Chorn Domhanda i gcoinne na Laitvia agus na Liotuáine.

Maurice Setters le Jack Charlton ag Corn an Domhain 1990 sa Róimh. Pic: Brian Bould/Daily Mail/REX/Shutterstock
Maurice Setters le Jack Charlton ag Corn an Domhain 1990 sa Róimh. Pic: Brian Bould/Daily Mail/REX/Shutterstock

Bhí misean spiaireachta idir láimh ag Charlton, agus cé go raibh sé seo neamhghnách, d’airigh sé go raibh sé de dhíth.

Ar an dá thaobh den bhosca toitíní, bhí nótaí scríofa aige faoi imreoirí an fhreasúra ach bhí fadhb ann.

‘Níl’s agam cén foireann atá ar cén taobh, níor chuir mé na hainmneacha ar an mbarr. Bíodh an diabhal air,’ a bhéic sé.

Bhí na himreoirí ag lúbarnaíl leis an ngáire, mar a bhí go minic le ‘Big Jack Charlton’.

‘Bhí an feachtas don chorn domhanda i 1994 níos deacra ná an ceann i 1990’, a dúirt Packie Bonner. ‘Bhí níos mó cluichí ann (12), agus is ar éigean a cháiligh muid.’

Beidh scéalta faoi Big Jack, Italia 90 agus níos mó le cloisteáil arís san RDS Dé hAoine an 14ú Márta agus in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí Dé Domhnaigh, an 16ú Márta don imeacht: ‘Italia 90: An Evening With The Greatest Football Team.’

Beidh na buachaillí glasa le feiceáil arís ag an ócáid seo atá eagraithe ag úinéir Cumann Peile Chathair Chorcaí, Dermot Usher.

Is deacair a chreidiúint go raibh foireann na hÉireann i láthair ag an gCorn Domhanda don chéad uair riamh 35 bliain ó shin.

Chuidigh Bonner go mór leis an bhfeachtas agus cinnte beidh neart scéalta le hinsint aige. Bhí faitíos ar Charlton go raibh Mick McCarthy agus Kevin Moran rómhall, agus d’iarr sé ar Bonner imirt ar imeall an bhosca.

Baineadh triall as sa nuair a bhí an fhoireann i mbun traenáil agus dúradh le Bonner seasamh ar an leathchiorcal in aice leis an mbosca, áit nach raibh sé ar a shuaimhneas. Thaitin sé go mór leis na himreoirí eile an liathróid a chiceáil thar an gcúl báire bocht isteach sa chúl. Cuireadh deireadh leis an iarracht sin.

Bhain Bonner clú amach nuair a chuidigh sé le Niall Quinn cúl a aimsiú i gcoinne na hÍsiltíre i gcluiche cinniúnach i bPalermo.

Bhí pictiúr dá aghaidh le feiceáil ar an teilifís agus a chuid fiacla ag gearradh a chéile sular chiceáil sé an liathróid suas an pháirc go Quinn le comhscór a aimsiú.

Ghlac daoine leis gur léirigh an meangadh ar a aghaidh an mhian a bhí aige cúl a fháil mar bhí Éire ag cailliúint 1-0 – ac ní hea.

‘Bhí Mick ag cur isteach orm mar d’iarr sé orm pas gearr a thabhairt. Thug mé íde béil dó nuair a d’aimsigh an ceamara mé.’

Maidir leis an ngeansaí liath cáiliúil a chaith Bonner i rith na gciceanna pionóis i gcoinne na Rómáine, thug sé é go haistritheoir Iodáilise a bhí ag obair le foireann na hÉireann.

‘Rinne mé iarracht an t-aistritheoir sin a aimsiú mar ba bhreá liom an geansaí a fháil ar ais,’ a dúirt Bonner.

Beidh 19 imreoir as an 21 a bhí mar chuid den fhoireann sin le feiceáil mar chuid den seó seo. Go tragóideach, fuair Alan McLoughlin bás ón ailse i 2021 agus é 54 bliain d’aois.

Fuair Charlton bás i 2020 agus é 85 bliain d’aois.

Cé go ndearna Charlton botún nó dhó agus é ag cuimhneamh ar ainmneacha nó ag déanamh nótaí, ach thuig sé go maith cé a bhí in ann na torthaí a aimsiú dó agus bhíodh sé mar cheann de na bainisteoirí ab fhearr a bhí ag Éirinn riamh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram