

Tá ocht seachtain den bhliain nua caite againn beagnach agus anois, le teacht an Earraigh, táimid ag tnúth go mór le Máirt na hInide (pancake Tuesday) agus an Carghas (Lent) ag teacht freisin.
I mbliana, beidh Máirt na hInide ar siúl Dé Máirt seo chugainn agus an lá arna márach beidh Céadaoin na Luaithrigh (Ash Wednesday) le tús a chur leis an gCarghas.
I rith an Charghais, tugann go leor Caitlicigh ómós do Íosa Críost a chaith 40 lá agus oíche ag guí agus ag troscadh sula bhfuair sé bás ar an gcros.

Beidh Máirt na hInide ar siúl Dé Máirt seo chugainn agus go minic itheann daoine pancóga ar an lá seo.
Tugann an lá deis do Chaitlicigh taitneamh a bhaint as rud ar bith a bheidh siad ag éirí as don Charghas.
Beidh Céadaoin na Luaithrigh ar siúl 5ú Márta – an chéad lá den Charghas agus an lá tar éis Máirt na hInide .
Bíonn seirbhísí aifrinn speisialta ar siúl agus cuirtear crois le luaithrigh ar chinn na ndaoine atá i láthair.
Go minic ní itheann daoine feoil ar feadh an lae chomh maith.
Bíonn an Carghas ar siúl ar feadh na 40 lá roimh an Cháisc, agus moltar do Chaitlicigh éirí as rud éigean taitneamhach le ómós a thabhairt ar íobairt Íosa Críost.
Chaith Íosa 40 lá agus oíche ag guí agus ag troscadh sula bhfuair sé bás ar an gcros. Éiríonn an-chuid daoine as rudaí taitneamhacha agus iad fós ar scoil.
Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn daoine chomh dian sin ach fós féin tugann sé deis mhaith do dhaoine éirí as drochnósanna.

Anuraidh, léirigh sonraí ó Google Trends gurb é an t-alcól an rud ba choitianta gur éirigh daoine as don Charghas.
Ina theannta sin, bhí siúcra, seacláid agus milseáin an-choitianta. Freisin, thaispeáin na sonraí gur éirigh an-chuid daoine as na meáin shóisialta chomh maith.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.