

An aimsir go ginearálta: Tirim agus geal ar dtús ach beidh ceathanna níos déanaí sa tseachtain.
An aimsir don Luan
Beidh sé scamallach Dé Luain agus beidh báisteach agus ceo ag cur isteach ar áiteanna i gCúige Chonnacht agus Uladh. Is dócha go mbeidh an chuid is fearr de sholas na gréine Dé Luain i gceantair theas. Teocht is airde de 10 go 12 céim i ngaotha iardheisceart.
Oíche Dé Luain: Glanfaidh ceobhrán san iarthuaisceart thar oíche agus éireoidh formhór na gceantar tirim. Beidh na teochtaí is ísle sa raon ó 1 go 7 gcéim, is fuaire san oirdheisceart agus is séimhe san iarthuaisceart.
An aimsir don Mháirt
Táthar ag súil gur lá tirim den chuid is mó a bheidh ann Dé Máirt le tréimhsí gréine in áiteanna. Mar sin féin, casfaidh sé níos scamallaí uaireanta san iarthar agus san iarthuaisceart. Na teochtaí is airde de 9 go 12 céim i ngaotha úra thiar theas, láidir ar chóstaí an Atlantaigh. Beidh an chuid is mó den tír thirim oíche Dé Máirt ach tá seans ann go mbeidh báisteach agus ceo ann i gceantair chósta thuaidh. Beidh na teochtaí is ísle ag dul ó 2 go 5 chéim i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan agus ó 6 go 9 gcéim i gConnacht agus i gCúige Uladh le gaotha úra thiar theas.

An aimsir don Chéadaoin
Tá an chuma ar an scéal gur lá tirim geal a bheidh ann Dé Céadaoin le go leor gréine. Teochtaí is airde de 10 go 13 céim i ngaotha measartha go úr ó dheas. Leanfaidh sé ar aghaidh tirim oíche Dé Céadaoin le tréimhsí soiléire agus gaotha éadrom ó dheas. An teocht is ísle de 3 go 7 gcéim, is fuaire i gceantair thuaidh.
An aimsir don Déardaoin
Ar an Déardaoin, is dócha go scaipfidh ceathanna ó thuaidh ar fud na tíre, d’fhéadfadh cuid acu a bheith trom. Beidh roinnt tréimhsí geal nó grianmhara ann freisin, go háirithe ar maidin. Teochtaí is airde de 9 go 12 céim i ngaotha measartha go húr ó dheas go dtí an t-oirdheisceart.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.