Wicked Oscar! Beidh Ariana Grande ag an searmanas Dé Domhnaigh

28/02/2025

Seo iad na ceolteoirí a mbeidh le cloisteáil ar oíche na nOscars im mbliana

Fógraíodh go mbeidh réaltaí Wicked, Ariana Grande agus Cynthia Erivo le cloisteáil ag canadh ag na hOscars i mbliana.

Cé go raibh na ráflaí á shéanadh acu, dheimhnigh eagraithe na hOscars an nuacht le teachtaireacht ar na meáin shóisialta.

Beidh an t-amhránaí Raye, Lisa ó Blackpink, an aisteoir baineann Queen Latifah agus Doja Cat le cloisteáil ag searmanas na hOscars i mbliana freisin.

Tá Cynthia ainmnithe le haghaidh gradam Oscar don aisteoir baineann is fearr le príomhról, de bharr a ról mar Elphaba agus tá Ariana Grande ainmnithe chomh maith.

Ariana Grande
Ariana Grande

D’fhógair Rachel Sennott agus Bowen Yang na hainmniúcháin do na hOscars i mbliana ag cur i láthair beo ó Amharclann Samuel Goldwyn.

Níor éirigh le Kneecap ainmniúchán do na hOscars a bhaint amach áfach, cé go raibh sé ar an ngearrliosta do scannáin idirnáisiúnta.

Bhí an t-amhrán Sick in the Head ar an liosta freisin don amhrán is fearr, i measc 14 amhrán eile, ach níor éirigh leis a bheith mar cheann de na cúig amhrán a ainmníodh don ghradam.

Stiúrtha ag Rich Peppiat, lean Kneecap an grúpa rap-cheoil trí Bhéal Feirste le cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhain an triúr clú agus cáil amach leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Cé nach raibh an t-ádh ar Kneecap, bhí an t-ádh dearg ar Tailored Films, comhlacht léiriúchán Éireannach a bhain dhá ainmniúchán amach do na hOscars.

Fuair a scannán The Apprentice dhá ainmniúchán don aisteoir is fearr i bpríomhról (Sebastian Stan) agus aisteoir is fearr le ról tacaíochta (Jeremy Strong).

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram