Cabhraíonn Fenton, laoch na Dubs, le foireann na hÉireann an bua a fháil san aer

26/02/2025

Míníonn bainisteoir na hÉireann Simon Easterby an bealach is féidir le laoch Chraobh na hÉireann as Baile Átha Cliath, Brain Fenton, cabhrú linn glóir na Sé Náisiún a bhaint amach arís

Mhol bainisteoir rugbaí na hÉireann Simon Easterby réalta CLG Átha Cliath Brian Fenton as cuidiú lena fhoireann an bua a fháil in aghaidh na Breataine Bige.

Anois táthar ag súil go mbeidh laoch na Dubs agus Pháirc an Chrócaigh in ann cabhrú le hÉirinn bua mór a fháil ar an bhFrainc an deireadh seachtaine seo.

Bhí iarracht Jamie Osborne sa dara leath ríthábhachtach dá mbua
Bhí iarracht Jamie Osborne sa dara leath ríthábhachtach dá mbua

Choinnigh na hÉireannaigh a ndóchais beo an Grand Slam a bhaint amach le bua 24-18 in aghaidh na Breataine Bige in Caerdydd (Cardiff) agus bhí iarracht Jamie Osborne sa dara leath ríthábhachtach dá mbua.

D’oibrigh an gníomh go maith idir an lánchúlaíagus James Lowe, agus labhair Easterby faoin ullmhúchán ag an talamh traenála bhí déanta roimh ré.

Chomh maith le Johnny Sexton a bheith mar chóitseálaí le haghaidh ciceáil, bhí Fenton ag cabhrú le foireann na hÉireann le déanaí, le ceapadhard (high fielding).

Bhí Fenton ann le cinntiú go bhfuil imreoirí na hÉireann go maith ag imirt san aer – scil atá aige féin agus atá ríthábhachtach i gcluichí móra peile CLG.

Mhínigh Easterby conas a bhí cóitseálaí scileanna na hÉireann Andrew Goodman agus Sexton ag obair ar na scileanna sin le foireann na hÉireann.

Dúirt sé: ‘Tá Goody agus Johnny i ndáiríre ag obair leis na leaids ar seo, an obair san aer sin.

Brian Fenton
Brian Fenton

‘Bhí Brian istigh againn an tseachtain seo caite agus bhí rudaí ar bhain na himreoirí amach as go cinnte.

‘Mar sin, sin an chuid ollmhór den chluiche, an cath ón aer, bealach a aimsiú do Lowey é sin a bhaint amach do Jamie, ní de sheans a tharlaíonn sé sin.

‘Ní i gcónaí a tharlaíonn sé ach an oiread ach bhí sé maith go leor chun é a dhéanamh agus an luach saothair a bhaint amach as.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram