

Mhínigh oibrithe na Gaeilge nach raibh an dara rogha acu ach RAIC a thógáil agus dul ar stailc mar gheall ar easpa gníomhaíocht ón dá rialtas in Éirinn faoi easpa infheistíochta agus easpa measa ar an teanga.
Bhí breis agus 40 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ar stailc leath-lae Dé Céadaoin mar chuid den fheachtas RAIC (Réiteach Anois, Infheistíocht Chothrom).
Bhí ann chun éilimh ar an dá rialtas, thuaidh agus theas, aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe is déanaí de €820,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge.

Tá siad ag iarraidh go mbeadh maoiniú cuí ar fáil don Fhoras agus réiteach fadtéarmach do mhaoiniú na Gaeilge.
Tá sé mar aidhm ag an fheachtas RAIC réiteach a fháil ar an dífheistíocht fhadtéarmach agus easpa comhionannais agus maoinithe in earnáil na Gaeilge agus éileamh a dhéanamh go réiteofar an éigeandáil gearrtéarmach agus fadtéarmach.
Tagann an ciorrú is déanaí seo tráth a bhfuil an DUP ag cur bac ar an mholadh atá ar an tábla chun leasú a dhéanamh ar struchtúr maoinithe an Fhorais Teanga.
I láthair na huaire, tagann 25% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón rialtas ó thuaidh agus 75% ón rialtas ó dheas agus ní féidir le ceachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais gan a chomhionann ón rialtas eile.
Le déanaí, aontaíodh socrú nua idir an dá Aire Airgeadais, fríd an Chomhairle Aireachta thuaidh-theas, a thabharfadh cead do cheachtar den dá rialtas airgead breise a chur i dtreo bhuiséad an Fhorais Teanga gan a chomhionann ón rialtas eile.
Ní mór don Fheidhmeannas ó thuaidh a mbeannacht a thabhairt don leasú nua seo, ach tá bac curtha ag an DUP roimh an mholadh sin dul ar chlár oibre an Fheidhmeannais breis agus cúig huaire ó bhí mí na Samhna ann.
Leis sin, tá cros a dhéanamh ag an DUP ar mhaoiniú breise don Ghaeilge ar bhonn 32 contae tráth a bhfuil Rialtas na hÉireann a rá go bhfuil airgead breise acu réidh le dul láithreach chuig an Fhoras.
Rinne lucht tacaíochta na Gaeilge iarracht tacaíocht a fháil ón LeasChéad-Aire sa Tuaisceart, Emma Little-Pengelly, den DUP, ach níor chabhraigh sí leis an scéal.
I measc éilimh an fheachtais, tá na grúpaí ar lorg:

Ag labhairt roimh an stailc, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin: ‘Is trua liom go bhfuil orainn dul ar stailc inniu ach tógadh an cinneadh an gníomh seo a dhéanamh mar nach raibh an dara rogha fágtha againn.
Tá na ciorruithe is déanaí atá fógartha ag Foras na Gaeilge iomlán tubaisteach agus ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí atá go mór faoi bhrú cheana féin ó thaobh maoinithe de.’
Dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge: ‘Beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, don chéad uair riamh, ag dul ar stailc an Chéadaoin seo, chun seasamh aontaithe a thógáil i gcoinne ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge.
‘Tá sé scannalach go mothaíonn grúpaí, ó achan chearn den tír, gur gá gníomh stailce a thógáil chun an dá rialtas a bhrú chun tosaigh leis an cheist seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.