

An aimsir i gcoitinne: Leanfaidh an t-ardbhrú ar aghaidh ag tógáil in aice na hÉireann ag tabhairt aimsir níos tirime isteach.
An aimsir don Déardaoin
Lá geal tirim den chuid is mó a bheidh ann Déardaoin le neart gréine. Beidh cúpla cith éadrom ann, go príomha san iarthar agus sa tuaisceart.
Teochtaí is airde de 7 go 10 gcéim le gaotha éadrom go measartha.
Oíche Déardaoin: Triomú den chuid is mó oíche Déardaoin le sealanna fada soiléire.
Beidh sioc i gceantair áirithe chomh maith le ceo. Na teochtaí is ísle de -2 go +2 céim go ginearálta ach níos séimhe feadh imeall chósta an Atlantaigh.
An aimsir don Aoine
Táthar ag súil gur lá tirim den chuid is mó a bheidh ann Dé hAoine le tréimhsí grianmhara. Teocht is airde de 8 go 11 céim i ngaotha measartha go húr thiar theas.
Oíche Dé hAoine: Tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh méadú ar an scamall ón Atlantach, rud a fhágann ráigeanna báistí go codanna den iarthar agus san iarthuaisceart.
Mar sin féin, tá an chuma air an scéal go mbeidh sé tirim go mór in áit eile. An teocht is ísle idir 2 agus 5 chéim i ngaoth measartha go húr ó dheas.
An aimsir don Satharn
Ar an Satharn, beidh banna báistí ag dul i laghad ag brú soir ó dheas thar Éirinn, ach is beag báistí a bheidh ann. Beidh aimsir níos tirime agus níos soiléire san iarthuaisceart um thráthnóna.
Teocht is airde de 8 go 11 céim le gaotha athraitheach éadrom den chuid is mó.

An aimsir don Domhnach
Leanúint ar aghaidh tirim den chuid is mó. Teochtaí is airde ó 9 go 11 céim, i ngaotha measartha go húr.
Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast
Drochaimsir = Bad weather
Báisteach = Rain
Ceo = Fog
Ceobhráin = Mist or drizzle
Brádán báistí = Drizzle
Múraíl báistí = Showers of rain
Sneachta = Snow
Flithshneachta = Sleet
Clocha sneachta = Hailstones
Faoi bhun an reophointe = Freezing
Sioc = Frost
Tréimhsí Gréine = Sunny spells
Ráigeannaí báistí = Bursts of rain
An ghaoth aduaidh = The wind from the north
An ghaoth aneas = The wind from the south
An ghaoth aniar = The wind from the west
An ghaoth anoir = The wind from the east
An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest
An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.