Ciarraí v Tír Eoghain agus Ard Mhacha v Maigh Eo: agus iad ar fad sa Relegation Zone!

20/02/2025

Tá seachtain a ceathair sroichte againn sa tSraith Allianz agus tá brú mór ar Ard Mhacha, Ciarraí, Maigh Eo agus Tír Eoghain

Tá Seachtain 4 buailte linn sa tSraith pheile agus anois faitíos ar dhaoine áirithe agus iad ag breathnú ar na pointí.

An dtabharfar ísliú céime do Chiarraí? An éireoidh le Dún na nGall. Seo iad na ceisteanna móra atá á chur.

Cinnte tá fadhbanna ag Ciarraí agus níl drogall ar a lucht leanúna é seo a luath – agus le bheith cothrom bhí cuid den cháineadh seo fiúntach.

Ní dhearna siad a dhóthain leis an ngaoth láidir i gcoinne Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtain, bhí Dún na nGall níos fearr ná iad freisin cé go raibh an bua acu i gcoinne Doire.

gaa 1

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Thír Eoghan i gcluiche mór an deireadh seachtaine – agus beidh lucht leanúna an dá thaobh ag iarraidh an bua a fháil.

Dúirt John O’Keefe, sean-laoch Chiarraí a bhí mar ‘phrionsa’ na lánchúlaithe, nach bhfuil Ciarraí aclaí go leor.

Dúirt sé leis an Irish Examiner: ‘Bhí mé ag an gcluiche le Dún na nGall agus cheap mé go raibh easpa aclaíochta againne.

‘Cheap mé go ndearna Dún na nGall crústáil orainne. Ní raibh cuma maith air, i ndáiríre ní rabhamar réidh.’

Ach creideann sé fós go n-oireann na rialacha nua leo.

‘Airím, an chaoi go bhfuil an cluiche anois, oireann sé muid’,  a dúirt sé. ‘An chaoi go bhfuil Diarmuid O’Connor ag imirt, tá sé iontach. Sílim anois go gcuireann an cluiche nua béim ar na cúil agus tá na himreoirí againne.

‘Tá imreoirí againne chun tosaigh atá in ann bearnaí a aimsiú agus aimseoidh Ciarraí cúil, bheinn in amhras faoi na cúlaithe áfach.’

I nDún na nGall, bhí daoine ar bís de bharr go raibh Michael Murphy ag teacht ar ais. Agus cuirfidh sé mór leis an bhfoireann nuair a thosaíonn an chraobh.

Áfach, Ryan McHugh a fuair an moladh ar fad go dtí seo. Bhí sé thar barr arís i mBealach Féich (Ballybofey) agus bhí an liathróid aige 36 uair. Chríochnaigh sé le 12 cicphasanna agus dhá phointe.

Tháinig an ghaoth chun cinn mar an t-imreoir is fearr i dTrá Lí Dé Sathairn seo caite agus bhí smacht aici ar an liathróid i rith an chluiche, rud a chur isteach go mór ar an lucht féachana, na himreoirí agus na bainisteoirí.

Ciarraí in aghaidh Baile Átha Cliath
Ciarraí in aghaidh Baile Átha Cliath

Gan trácht ar Ambrose O’Donvonan ar Radio Kerry.

Rud amháin a sheas amach sa chluiche sin, ná gurb é seo foireann Dessie Farrell, ní raibh mórán tionchar ag Jim Gavin air.

Rud eile a sheas amach ná go mbeidh na cúilíní ar luach dhá phointe thar a bheith tábhachtach sa Chraobh.

D’éirigh leis na Dubs teacht ar ais sa chluiche leis an mbua a aimsiú don chéad uair i dTrá Lí ar feadh 43 bliain, cé go raibh siad taobh thiar 11 pointe ag leath ama.

Mar a sheasann rudaí faoi láthair, ní raibh ach comhscór amháin sa tSraith – idir Doire agus Gaillimh.

Bhuaigh Dún na nGall a gcluichí ar fad, bhuaigh Gaillimh dhá cheann agus tá ceann amháin caillte ag Átha Cliath. Tá dhá chluiche caillte ag Ciarraí, Tír Eoghain, Ard Mhacha agus Maigh Eo agus níl ach cluiche amháin buaite ag na foirne seo. Fuair Doire comhscór amháin agus chaill siad gach cluiche eile.

Beidh an tseachtain seo tábhachtach mar sin. Tá Ard Mhacha, a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh, sa zón dícháilithe (relegation zone) le Ciarraí, Maigh Eo, Tír Eoghain agus Doire.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh cluichí móra ann idir Ard Mhacha agus Maigh Eo Dé Sathairn, agus Dé Domhnaigh beidh Gaillimh in aghaidh Dún na nGall agus Tír Eoghain in aghaidh Ciarraí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram