

Thug Arne Slot le fios cé chomh suntasach is atá Mohamed Salah nuair a ghlaoigh sé amach a ainm go réchúiseach agus é ag labhairt leis na meáin in Anfield tráthnóna Dé Domhnaigh.
‘Tá sé chomh deacair cluiche peile a bhuachan,’ arsa Slot. ‘Deir daoine i gcónaí, “Tá Mo Salah agaibh. Aimseoidh seisean cúl i gcónaí”. Ní hea, tá sé deacair.’
Mar a tharlaíonn sé áfach, aimsíonn sé cúl i gcónaí…beagnach. Níor éirigh leis cúl a aimsiú i gceithre chluiche sa Premier League do Liverpool i mbliana, agus 25 cluiche curtha i gcrích acu.

San iomlán, scóráil sé 38.3 faoin gcéad de na cúil a fuair an fhoireann agus bhí baint aige le níos mó cúl ná naoi bhfoireann sa tsraith.
Ní féidir é a shéanadh, ach braitheann Liverpool go huile is go hiomlán air agus bhí sé seo go mór le feiceáil le cúpla seachtain anuas.
Bhí an cúl agus an pas trasna do Alexis Mac Allister i bPáirc Goodison. An cic éirice i gcoinne Wolves. Fiú nuair a bhí sé in easnamh i bPlymouth.
‘Sílim gur chóir go tuigeann Liverpool cé chomh tábhachtach is atá sé é a choinneáil’, a deir Graeme Souness le déanaí.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Slot an-gheanúil ar Salah i gcomparáid le Jurgen Klopp.
‘Tá an-taithí aige agus tá sé cliste agus tuigeann sé cén áit a bheidh an liathróid’, a dúirt Klopp Dé hAoine seo caite.
B’fhéidir nach bhfuil an dlúthchaidreamh céanna ag Salah le lucht gnó an chlub. Tá ceist ann anois maidir leis an méid a infheisteoidh Liverpool lena chonradh.
Ag Mí Mheithimh, beidh sé 33 bliain d’aois agus bheadh sé thar a bheith neamhghnách imreoir ar an aois sin a choinneáil.
Tá sé mar nós Liverpool na cinntí seo a dhéanamh bunaithe ar na sonraí atá bailithe acu. Agus mar sin, ní fios céard a bheidh le fáil ó imreoir níos sinne i gceann cúpla bliain.
Ach gan é, is léir go dtiocfaidh meath ar an bhfoireann. Níl fear ar bith a bheadh in ann a áit líonadh cé go raibh Liverpool ag breathnú ar imreoirí cosúil le Bryan Mbeumo ó Brentford, Antoine Semenyo ó Bournemouth, Jamie Gittens ó Borussia Dortmund agus Takefusa Kubo ó Real Sociedad.
Ach tá Salah leo faoi láthair agus dála an scéil ba mhaith leis an gclub é a choinneáil cé nach bhfuil sé cinnte cén socrú a bheidh ann maidir lena thuarastail agus sonraí eile.
An mbeadh sé sásta fanacht ar thuarastal níos ísle más rud é go mbeidh cúiteamh le fáil don méid cúl a aimsíonn sé?
Bheadh sé in áit láidir sna cainteanna seo de bharr na bhfadhbanna atá ag na tosaithe eile i Liverpool.
Tá Diego Jota ag streachailt lena chorpacmhainn agus ní bhíonn na deiseanna céanna aige scóráil chomh minic sin.

Meastar go mbeidh 16.8 aimsithe ag Jota an séasúr seo, i gcomparáid le 52.7 do Salah.
Bhí ráflaí ann go mbeidh an fear ón Éigipt ag bogadh go dtí club eile.
Dúirt comhairleoir sinsearach ón Pro League san Araib Shádach go raibh Liverpool ‘ag baint úsáide as’ agus é ag ofráil conradh €78 milliún do Salah ar feadh dhá shéasúr ar son an chlub Al Hilal.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.