

Is iad Dún na nGall an fhoireann is fearr go dtí seo, ach táthar ag súil go mbeidh an cluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí, mar phríomhchluiche na Sraithe Allianz an deireadh seachtaine seo.
Tá cúpla bliain caite ó bhí mé i bPáirc Aibhistín De Staic mar chuid den Arm Spéirghorm. Mar sin táim ag tnúth le turas go dtí an Ríocht Dé Sathairn.

Is dócha gurbh iad Covid, leisce iar-Covid agus GAAGO na príomhchúiseanna ar fhan mé as.
Agus ansin tá an fhíric ann go ndeachaigh mo chompánach óg ar imirce as tír atá bródúil as a bheith ar cheann do na cinn is saibhre san Eoraip, mar a rinne go leor fear agus ban óg.
An uair dheireanach go ndeacaigh mé féin agus mo bhean chéile go Trá Lí, mise sa spéirgorm, mo bhean chéile i nglas agus ór, bhí lads áitiúla mórthimpeall orainn agus tuirlingt den traen.
‘Is ainmhithe muid go léir, anseo.Ithimid ár naimhde,’ a dúirt duine acu liom, le trácht cáiliúil iarbhainisteoir a bhí ag Ciarraí Pháidí Ó Sé úr ina intinn.
Bhí sé ag magadh, ar ndóigh – ní Corcaíoch mé! Ar aon nós, díríonn lucht leanúna Chiarraí an nimh is measa ar a n-imreoirí féin.
Mar sin féin dúirt cara liom ón tSnaidhm, uair amháin, nach dtacódh sí le Baile Átha Cliath, fiú dá mbeidís ag imirt in aghaidh Shasana! Ná bac le Ciarraí.
Sílim go raibh sí ag magadh.
Is sampla iontach é mo chol ceathrair de lucht leanúna tiomanta Chiarraí. Deirtear faoi go bhfuil sé chomh maith sin ag cáineadh Chiarraí nach gcaithfidh sé dul chuig na cluichí fiú.
Seans go gcloisfeá rud éigin mar ‘Cad a mbeifeá ag súil leis?’ má dhéanann Cluxton botún.
Ach bíonn na leaids i gCiarraí ag déanamh géarcháineadh i gcónaí ar a bhfoireann féin.
Sin an fáth go bhfuil sé níos deacra an bua a fháil i gcoinne Ciarraí ná foireann ar bith eile.

Is muid an t-aon fhoireann a bhfuil sé Chraobh Éireann buaite as a chéile againn, agus bhí buanna iontacha againn i gcoinne Chiarraí ar an aistear sin.
Cuireann cuimhní cinn ar an lá sin i bPáirc an Chrócaigh, i 2011, nuair a tháinig deireadh leis an triomach, mo chroí ag buille níos tapúla fós.
Ach tá 43 bliain caite ó bhuaigh muid in aghaidh Chiarraí i bPáirc Aibhistín De Staic.
Tá formhór réaltaí Jim Gavin imithe, cé go bhfuil Cluxton fós linn, agus Ciarán Kilkenny; agus is dócha go mbreathnaíonn an dream óg ar Cholm Basquel agus Seán Bugler mar shean-réaltaí anois.
Tar éis dúinn an bua a fháil in aghaidh Mhaigh Eo agus cailleadh in aghaidh Dhún na nGall, caithfimid socrú síos leis na rialacha nua atá ann.
Agus tá an fhadhb chéanna ag Jack O’Connor le Ciarraí. D’éirigh go maith leo nuair a bhí an bua acu in aghaidh Dhoire.
Ach cé go bhfuair Paul Geaney agus Donal O’Sullivan cúil ag deireadh an chluiche, ní bheidh a leithead le fáil sa chraobh.
Ag an am céanna, tá clann Geaney ag cur leis na himreoirí oilte atá ag teastáil ó Jack chun a fhoireann a atógáil.
Bhí an bua ag Dún na nGall, le Jim McGuinness, ar Chiarraí agus Baile Átha Cliath cheana féin.
Tá McGuinness níos compordaí leis na rialacha nua ná bainisteoir ar bith eile, rud atá íorónta toisc nach raibh sé feiliúnach do stíl imeartha Dhún na nGall nuair a bhí Jim ag buachan cluichí.
Mar sin féin, tá réaltaí fós ag Ciarraí. Bhí Seán O’Shea agus an triúr Geaney go hiontach.
Beidh siad ag lorg tacaíochta ó imreoirí nua mar Chathal Ó Beaglaoich, Eddie Healy agus Ruairí Murphy.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.