Géarchéim na Gaeilge: Ná bac leis an DUP, tá airgead de dhíth ANOIS!

Labhair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian De Spáinn le Extrag.ie faoin ngéarchéim in infheistíocht don Ghaeilge. Tuairisc: Bill Breathnach

Má leanann an DUP ag cur coisc ar mhaoiniú don Ghaeilge beidh ar an Rialtas infheistíocht ar leith a chur ar fáil, a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le ExtraG.ie.

Labhair Julian De Spáinn tar éis ‘Tionól Géarchéime’ i mBaile Átha Cliath Dé Máirt le cur i gcoinne na gciorruithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge.

Fógraíodh ag tús na míosa go mbeidh ciorruithe €817,845 ar mhaoiniú na heagraíochta tras-teorainne a chuireann airgead ar fáil do thionscnaimh Gaeilge.

Ní raibh Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly sásta athruithe a dhéanamh a d’oirfeadh do thacaíocht na Gaeilge
Ní raibh Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly sásta athruithe a dhéanamh a d’oirfeadh do thacaíocht na Gaeilge

Ag labhairt dó le ExtraG.ie faoin gcruinniú éigeandála, dúirt De Spáinn: ‘Bhí sé go maith go raibh an oiread sin grúpaí i láthair. Agus bhí gach duine aontaithe nach bhfuil cothrom na féinne faighte thar na blianta.

‘Ní bhaineann sé go díreach leis na ciorruithe €800,000 amháin, baineann sé leis an scéal níos leithne chomh maith.

‘Rachaimid i mbun feachtais chun dul i bhfeidhm ar an dá rialtas chun an fhadhb seo a réiteach.’

Dúirt De Spáinn freisin go bhfuil an DUP ag cur i gcoinne múnla maoinithe an Fhorais a athrú agus mura féidir dul i ngleic le seo, beidh ar Rialtas na hÉireann socrú eile a dhéanamh le maoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí teanga.

Dúirt sé: ‘Tá a fhios againn go bhfuil múnla éigean á moladh ach tá an DUP ag diúltú glacadh leis faoi láthair.

‘Sa chás nach féidir an múnla maoinithe a dheisiú, beidh gá le bealach eile chun an maoiniú a chur ar fáil.’

Deir gníomhairí go bhfuil an múnla maoinithe don Ghaeilge ar fud na 32 contae briste agus mar sin d’eagraigh an Conradh an cruinniú le plean gnímh a chur le chéile.

De réir an tsocrú atá ann faoi láthair, caithfidh an Rialtas ó dheas 75% de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a chur ar fáil agus cuireann Stormont an 25% eile ar fáil.

Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an Rialtas i mBaile Átha Cliath an maoiniú seo a mhéadú, rud a theastaíonn uathu a dhéanamh de réir dealraimh, gan chomhaontas ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt – an DUP ina measc.

D’eisigh an Foras níos mó sonraí De Máirt faoi na ciorraithe atá fógartha.

Tuairiscíodh go mbeidh 15% de na ciorruithe seo – thart ar €200,000 – dírithe ar ‘scéimeanna don óige’ agus tionscnaimh oideachasúla.

Gearrfar €100,000 ó bhuiséad cumarsáide agus margaíochta an fhorais freisin agus tá an chuma ar an scéal go gcuirfear an feachtas ‘Creidim Ionat’ ar ceall.

Cuirfear Scéim na bhFéilte agus an Scéim Tacaíochta Gnó ar fionraí freisin le €140,000 a shábháil.

Chomh maith le sin, beidh ciorrú €100,000 á dhéanamh ar sheirbhísí foilsitheoireachta agus na foclóireachta agus ciorrú den mhéid céanna ar chostais gnó sa réise chomparáideach.

Beidh €80,000 á ghearradh ón mbuiséad atá ag an bhForas leis an nGaeilge a chur chun cinn sna hEalaíona agus an earnáil phoiblí.

Freisin, beidh laghdú 3% ar an maoiniú bliantúil a fhaigheann na sé cheanneagraíocht Gaeilge i 2025 agus laghdú 2% ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na foilseacháin Tuairisc, Nós agus Comhar.

Tá Gordon Lyons, Aire de chuid an DUP, i gceannas ar chúrsaí teanga sna Sé Chontae.

Agus ag labhairt di i dTionól an Tuaiscirt, d’iarr an feisire Emma Sheerin ó Shinn Féin ar an Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly athraithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcóras maoinithe le go mbeadh an Rialtas ó dheas in ann níos mó airgid a chur ar fáil.

Mar fhreagra, dúirt Little-Pengelly as an DUP ‘nár aontaigh’ sí leis an moladh seo agus go mbíonn ‘cothromaíocht’ ag teastáil maidir leis an maoiniú a thugtar d’eagraíochtaí Thuaidh/Theas. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram