

Is iad Learpholl an fhoireann fearr an séasúr seo. I gcás cuid dá gcuid naimhde, níl le sin ach tréimhse ghearr ratha.
D’fhéadfadh go mbeadh dul amú orthu áfach mar go bhféadfadh pleananna agus imreoirí óga Learpholl a bheith níos fearr fós ná an scuad reatha, de réir tuairisce in The Athletic.

Is mar gheall ar chóras iasachtaí atá sé seo, agus tá sampla don rud atá ar siúl le feiceáil i Ben Doak óg. Tá Doak 19 bliain d’aois agus d’imir sé ar son a thíre, Albain cheana féin.
Tá sé ar iasacht do Middlesbrough, atá ag imirt sa Chraobhchomórtas, agus is é an t-imreoir is mó a labhraítear faoi an séasúr seo sa tsraith sin.
Tá trí chúil bainte amach aige agus seacht gcinn de ‘chúnamh’ i 24 chluiche a d’imir sé.
An rud suimiúil faoi seo ná gur thairg Crystal Palace €18 milliún to Learpholl chun é a thabhairt isteach sa Premier League, agus tá Ipswich Town tar éis €19m a thairiscint. Diúltaíodh don dá thairiscint.
Tá Learpholl ag iarraidh air fanacht san áit ina bhfuil sé, agus an traenáil a theastaíonn uaidh a fháil – ionas go mbeidh sé réidh le himirt ag foireann shinsear Learpholl i scuad Slot, an séasúr seo chugainn.
Tá imreoirí óga eile Learpholl, Lewis Koumas (Stoke City) agus Owen Beck (Blackburn Rovers), ag baint suilt as tréimhsí iasachta iontacha ag leibhéal na gCraobhchomórtas freisin.
Is teist é an rathúlacht ar straitéis iasachta atá acu.
Breathnaítear air mar réimse chomh tábhachtach, ag cur san áireamh conas is féidir le hiasachtaí cabhrú le himreoirí a fhorbairt, go bhfuil Learpholl i mbun trí cheapachán a dhéanamh chun róil Cheannasaí Bainistíochta Iasachta, Ceannaire Cosáin Iasachtaí agus Anailísí Feidhmíochta Iasachtaí a líonadh.

Tá Harvey Elliott (Blackburn Rovers), Conor Bradley (Bolton Wanderers) agus Jarell Quansah (Bristol Rovers) tar éis filleadh ó shealanna sealadacha in áiteanna eile atá i in ann dúshlán a thabhairt don chéad fhoireann faoi láthair.
Is ábhar mórtais é Doak, Koumas agus Beck a bheith ag feidhmiú chomh seasta sin i sraith chomh dian, agus iad ag iomaíoch leis an gCraobhchomórtas.
Mar sin leis an gcaint ar fad faoi Mo Salah, Trent agus na réaltaí eile, i láthair na huaire, seans nach bhfuil anseo ach an tús
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.