

Bhí faitíos ar chomhghleacaithe Russell Brand ag an BBC go raibh sé ró-láidir leis an mbainistíocht agus mar sin d’fhan siad ina dtost faoina iompar, a mhaíonn tuarascáil nua.
Thuairiscigh an BBC sraith teipeanna bainistíochta sa láimhseáil a rinne siad ar Brand, an láithreoir, a measadh a raibh an iomarca thionchar aige.

Agus ghabh an BBC a leithscéal sa doiciméad le baill fhoirne a raibh ‘“tionchar díreach’ orthu ag iompar Brand.
Léirigh an t-athbhreithniú an chaoi ar theip ar an mbainistíocht é féin agus a chuid seónna raidió a bhainistiú i gceart.
Thuairiscigh sé roinnt líomhaintí faoi iompar Brand ag an BBC.
Ina measc seo bhí éilimh air é féin a nochtadh, gnéas a bheith aige i leithreas, a mhéar a chur síos bríste duine éigin agus carr BBC a úsáid chun leanbh 16 bliain d’aois a thiomáint ón scoil chuig a theach.
Dúirt an tuarascáil nár aimsíodh aon bhall foirne reatha nó iar- oibrithe de chuid an BBC a raibh eolas acu ar líomhaintí go raibh ‘rannpháirtíocht mhíchuí aige le buaiteoirí comórtais’.
Mar sin féin, mhaígh duine leis an athbhreithniú go raibh ‘gnéas comhthoiliúil acu le Russell Brand ar áitreabh an BBC’ tar éis dó comórtas a bhuachan ar a sheó ar Raidió 6 Music.
Tá Brand, atá 49 bliain d’aois, tar éis líomhaintí faoi éigniú, ionsaí agus mí-úsáid mhothúchánach a dhiúltú.
Mhaígh sé roimhe seo go raibh a chaidreamh collaí go léir ‘go hiomlán agus i gcónaí comhthoiliúil’.
Clúdaíonn tuarascáil nua an BBC ar a iompar an t-am a raibh sé ina láithreoir ar Raidió 2 agus 6 Music idir 2006 agus 2008.
Tagann sé i ndiaidh imscrúdaithe i Meán Fómhair 2023 ina ndearna ceathrar ban líomhaintí in aghaidh Branda á chúiseamh as ionsaithe gnéis idir 2006 agus 2013.
Dúirt Peter Johnston, stiúrthóir gearán eagarthóireachta de chuid an BBC, ina athbhreithniú go raibh sraith de ‘theipeanna bainistíochta ar leith’ ina bhféadfaí beart a dhéanamh ach nár deineadh é.
D’fhéach an t-imscrúdú ar ocht ngearán, agus rinneadh dhá cheann díobh sin le linn na tréimhse a raibh sé ag obair ann.
Ní dhearnadh ach ceann amháin de na gearáin seo go foirmiúil, sin gearán a bhain le mún a dhéanamh i gcupán i 2007, de réir na tuarascála.
Dúirt sé nár déileáladh leis an ngearán seo i gceart ná go héifeachtach.
Dúirt an BBC, mar fhreagra ar an tuarascáil, gur ‘ábhar mór imní’ é gur bhraith daoine áirithe nach raibh siad in ann ceisteanna a lua.
Dúirt an craoltóir ‘gur léir go raibh láithreoirí in ann mí-úsáid a bhaint as a seasamh ag an BBC’ ach go bhfuil athruithe ar nósanna imeachta ó 2008’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.