

Tá rabhadh ag saineolaí andúile (addiction expert) mar gheall ar na gcontúirtí a bhaineann le trádáil le criptea-airgeadra, go háirithe d’fhir óga.
Dúirt an tOllamh Colin O’Gara gur cheart go mbeadh trádáil le criptea-airgeadra san áireamh sna dlíthe nua cearrbhachais, a thabharfar isteach i mbliana.

Dúirt an síciatraí agus saineolaí andúile go gciallaíonn éagobhsaíocht (instability) trádála le criptea-airgeadra gur cheart déileáil leis mar chearrbhachas.
Tá fianaise ann freisin go bhfuil daoine a bhfuil fadhbanna andúile i gcearrbhachas acu, ag trádáil le criptea-airgeadra anois, toisc go bhfuil níos lú dlíthe á rialú.
Dúirt an tUasal O’Gara go bhfuil fir óga go háirithe i mbaol le cearrbhachas a bhaineann le criptea-airgeadra.
‘Is é an rud a dhíoltar leo ná an smaoineamh seo: gheobhaidh tú na milliúin euro leis!
‘Gheobhaidh tú Lamborghini, Ferrari, tithe maisiúla agus luamh (yacht).
‘Tá fir óga sáite leis na scéimeanna faoi éirí saibhir go tapa atá bunaithe ar an gcoincheap gan aon obair a dhéanamh i ndáiríre.
‘Is minic a mheallann scéimeanna den sórt sin daoine leochaileacha, nach bhfuil mórán caipitil acu le hinfheistiú.
‘Glacann siad leis an smaoineamh go bhfaighidís saol níos fearr, agus cailleann siad gach rud.’
Dúirt sé: ‘Feicim tionscal atá ag dul i méid go mór, ag teacht isteach go príomha ar dhaoine nach bhfuil an t-airgead acu. Is saincheist sláinte poiblí agus ceartais shóisialta í.’
Agus creidtear go ndéanann criptea-airgeadra gníomhaíocht mhídhleathach ar na margaí idirnáisiúnta níos éasca
Tagann an rabhadh seo ag an am céanna agus atá méadú tagtha ar líon na dtuairiscí ar thrádáil amhrasach atá nasctha le sciúradh airgid (money laundering).
Creidtear go bhfuil na gardaí ag streachailt cheana féin le dul i ngleic le méadú gan fasach i dtuairiscí calaoise (fraud).
Anuraidh, thuairiscigh an earnáil airgeadais, bainisteoirí cistí, cuideachtaí cearrbhachais, ceantálaithe agus déileálaithe gluaisteán an líon is airde riamh de 54,000 idirbheart trádála amhrasach.
Cuirtear na tuairiscí do na Coimisinéirí Ioncaim, a dhéanann seiceáil le haghaidh imghabháil cánach, sciúradh airgid agus coireanna eile.

Tá an-tóir ar thrádáil le criptea-airgeadra ó toghadh uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, a gheall go ndéanfaí dírialú orthu.
Dúirt an tOllamh O’Gara: ‘Tá gaol iomlán idir trádáil leis agus cearrbhachas.
‘Is í an fhírinne ná nach bhfuil aon smacht ag daoine ar an toradh. Má infheistíonn daoine an méid nach féidir leo a íoc, caillfidh siad airgead sa deireadh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.