Tá billiúnaí Rúiseach, a bhí ina chomhbhunaitheoir ar ardán trádála ‘cryptocurrency', tar éis bás i dtimpiste héileacaptair mistéireach.
Bhí Vyacheslav Taran ina chomhbhunaitheoir ar an ardán trádála agus infheistíochta, Libertex. Fuair sé bás tar éis timpiste a héileacaptar in aice le Monacó ar an 25 Samhain.
Is é an tUasal Taran an tríú ceannaire ar árdán ‘cryptocurrency’, le naisc leis an Rúis, a fuair bás le seachtainí beaga anuas.
Píolótach le taithí a bhí sé, agus bhí cónaí air i Monacó ar feadh deich mbliana.
Fuair Tiantian Kulander – a bhunaigh Amber Group , chuideachta sócmhainní digiteacha (digital asset company) atá bunaithe i Hong Cong – bás ina chodladh ar 23 Samhain.
Agus báthadh Nikolai Mushegian ar thrá i Pórtó Ríce.
Tuairiscíodh gur tweetáil an tUasal Mushegian, sna huaireanta roimh a bhás, go raibh dúnmharú in ann dó, ón CIA nó Mossad.
Mar gheall ar bhás an triúr fear tá faitíos ann gur maraíodh iad.
Bhí an tUasal Taran pósta ar an bhfoilsitheoir Hello Monaco, Olga Taran, agus bhí triúr leanaí acu. Bhunaigh an lánúin an carthanas Change One Life freisin, a thacaíonn le leanaí dílleachtaí (orphaned ).
Tá imscrúdú ar siúl ag an údaráis áitiúla chomh maith le Airbus, an comhlacht a rinne an héileacaptar, ar a bhás. Dhearbhaigh Libertex bás an Uasail Taran i ráiteas, ag rá go raibh siad croíbhriste i ndiaidh a bháis
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.