

Bhí an héileacaptar Black Hawk ag eitilt níos airde ná mar ba chóir a bheith nuair a imbhuail sé le heitleán paisinéirí i Washington, de réir tuairisc sa New York Times.
Dúradh sa tuarascáil go raibh rialtóir aerthráchta amháin ag déanamh jab a dhéanann beirt de ghnáth, ag an am.

Fuair 67 duine bás sa timpiste agus nuair a bhí coirp á n-aisghabháil ó abhainn Potomac sa chathair Déardaoin, chuir an tUachtarán Donald Trump an milleán ar bheartais éagsúlachta an rialtais.
Bhí 64 paisinéir ar bord na heitilte American Airlines agus bhí triúr saighdiúir ar bord an héileacaptar, a bhí ar eitilt misean traenála.
I measc íospartaigh na timpiste bhí péire scátálaithe (skaters), a bhí 16 bliana d’aois, a máithreacha, agus beirt chóitseálaithe Rúiseacha.
Bhí baint ag an seisear íospartach sin, lena n-áirítear déagóirí Spencer Lane agus Jinna Han, le club scátáil i mBostún.
Bhí an lánúin phósta Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord na heitilte in éineacht lena mac, Maxim. Bhuaigh an bheirt craobh an domhain i bpéirí scátáil i 1994.
Agus bhí Inna Volyanskaya, iar-scátálaí don Aontas Sóivéadach, ar bord na heitilte freisin, de réir gníomhaireacht nuachta na Rúise Tass.

Tá na boscaí dubha le haghaidh an eitleáin lonnaithe agus dúirt an Bord Náisiúnta um Shábháilteacht Iompair (NTSB) go n-eiseofar réamhthuarascáil faoin timpiste i gceann 30 lá.
Tá an t-aerfort ar cheann de na haerspásanna is rialaithe ar domhan, áfach, tá sé tuairiscithe ag CBS go mbeadh beirt i gceannas ar aerthrácht le héileacaptair agus eitleáin de ghnáth, ach ní raibh ach duine amháin ag déanamh amhlaidh ag am na timpiste.
Rinne an tUachtarán Trump tuairimíocht, gan aon fhianaise a thabhairt, go bhféadfadh go mbeadh caighdeáin d’oibrithe rialtóirí aerthráchta níos ísle ná ba chóir, agus b’fhéidir gurbh fhachtóir é sin sa timpiste.
Dúirt sé: ‘Níl a fhios againn cad ba chúis leis an timpiste seo, ach tá tuairimí agus smaointe an-láidir againn.’
Dúirt sé freisin: ‘Tá an Riarachán Eitlíochta Feidearálach (FAA) ag earcú go gníomhach oibrithe atá faoi mhíchumas intleachta trom, fadhbanna síciatracha, agus riochtaí meabhracha agus fisiceacha eile faoi thionscnamh earcaithe éagsúlachta agus cuimsithe, atá le feiceáil ar shuíomh gréasáin na gníomhaireachta.’
Mar fhreagra air sin, agus iad ag caint faoin timpiste eitleáin tragóideach, dúirt Cumann Meiriceánach na nDaoine faoi Mhíchumas nach raibh an locht ar fhostaithe an FAA faoi mhíchumas.
Shínigh an tUachtarán Trump meabhrán chun deireadh a chur le cleachtais éagsúlachta, cothromais agus cuimsithe (DEI) san earnáil eitlíochta sna Stáit Aontaithe agus shínigh sé ordú feidhmiúcháin chun ceannaire nua a cheapadh ar an Riarachán Eitlíochta Feidearálach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.