

Beidh faoiseamh ar lucht leanúna na hiomána agus é dearbhaithe go mbeidh an cluiche cinniúnach idir Corcaigh agus Luimnigh á craoladh beo ar líne ag TG4.
Casfaidh Reibiliúnaigh Chorcaí le fir na Sionainne i bPáirc Uí Chaoimh le haghaidh ceann de na cluichí is spleodraí sa tSraith Allianz ag 7.30, oíche Shathairn, a mbeidh beo ar líne ag TG4.
Le 20,000 ticéad don chluiche díolta cheana féin, seo an chéad uair go dtabharfaidh Luimneach aghaidh ar Chorcaigh ó go ndearna fir na Laoi scrios iomlán ar a n-iarracht chúig Chraobh Éireann as a chéile a bhaint amach anuraidh.
Tá sé ráite ag Ceannaire Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil áthas air go mbeidh an cluiche ar fáil do lucht leanúna na hiomána ar fud na tíre.
Ag caint faoin chraoladh ar TG4, dúirt sé, ‘Buíochas le Dia beidh sé ar fáil don phobal Dé Sathairn. Tá éileamh an-mhór ar an gcluiche.

‘Bhí go leor leor daoine théis a bheith i dteagmháil le TG4 faoi. Tá sé iontach.’
‘Beidh an cluiche á craoladh beo ar Sheinnteoir TG4,ar an aip, agus ar shuíomh idirlíne TG4.’
In ainneoin an éilimh seo áfach, bhí an baol ann nach gcraolfaí an cluiche in aon chor de bharr fadhbanna sceidealú le mórchluichí eile.
Dhearbhaigh RTÉ gur lorg siad cearta craolacháin an chluiche níos túisce sa bhliain ach go bhfuil sé cinnte acu anois an cluiche peile idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain a thaispeáint ag a 6in.
Dúirt an craoltóir chomh maith gur iarr siad ar na contaetha am na gcluichí a athsceidealú ach ní raibh siad in ann freastal ar seo.
Áfach, thug Ardfheidhmeannach Bhord Chontae Chorcaí Kevin O’Donovan aisfhreagra air seo agus dúirt sé nach raibh sé feiliúnach de bharr an chluiche rugbaí idir Éire agus Sasana ó Chraobh na Sé Náisiún a bheas á craoladh ar Virgin Media ag 4.45in.
Dúirt sé: ‘Bhí ionadh orm nuair a chuala mé ó Pháirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin nár roghnaigh craoltóirí an cluiche idir Corcaigh agus Luimneach.’

‘Cuireadh ceist orainne ansin an bhféadfaimis am an chluiche a athrú go ham níos luaithe le go mbeifí in ann é a chraoladh.
‘Áfach, tháinig an t-am a mholadh salach ar an gcluiche rugbaí idir Éire agus Sasana a bheas ar siúl an tráthnóna céanna. Níor theastaigh uainn cur isteach ar chumas ár luchta leanúna an dá chluiche a fheiceáil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.