Sophie Toscan du Plantier: Fáilte curtha roimh fhiosrúchán an FBI

Tugadh drochbhualadh do cheann Toscan du Plantier ós cionn 50 uair, an chuid is mó acu nuair a bhí sí marbh

Tá sé ráite ag uncail le Sophie Toscan du Plantier go bhfuil sé ‘an-shásta’ go bhfuil an FBI ag fiosrú an cháis dúnmharaithe neamhréitithe –  ach tá sé ‘sceiptiúil” fós nach réiteofar go deo é.

Tá dúnmharú Toscan du Plantier,  a tharla taobh amuigh dá teach saoire i Scoil Mhuire (Schull), Iarthar Chorcaí, tar éis aird a bhaint amach arís le déanaí de bharr sraith podchraolta agus cláir fhaisnéise a foilsíodh ar na mallaibh.

Tugadh drochbhualadh do cheann Toscan du Plantier ós cionn 50 uair.

Bualadh í freisin le bloc coincréite, cloch agus seans gur bualadh í comh maith le tua a bhí ar iarraidh óna teach saoire.

Níor cúisíodh an t-iaririseoir Ian Bailey riamh in Éirinn de bharr easpa fianaise dar le lucht an ionchúisimh, cé gur gabhadh faoi dhó é.

Sophie Toscan du Plantier: Fáilte roimh fhiosrú an FBI
Sophie Toscan du Plantier: Fáilte roimh fhiosrú an FBI

Sa Fhrainc, gearradh pionós 25 bliain in absentia air i 2019 as ucht an dúnmharú.

Seoladh éadaí Toscan Du Plantier chuig an FBI le haghaidh anailíse le déanaí. Táthar ag súil go bhféadfadh dul chun cinn sa teicneolaíocht léargas nua a aimsiú a thabharfadh cúnamh don chás.

Tuigtear gur thug na Gardaí na héadaí chuig ionad taighde an FBI i Quantico, Virginia. Cuireadh ceist ar Jean Pierre Gazeau, uncail Toscan du Plantier, an raibh sé dóchasach faoi seo.

‘Níl, i ndáiríre’, a dúirt sé. ‘Ár ndóigh bheadh sé go hiontach fianaise nua a fháil ó fhiosrúchán an FBI. Ach faoi láthair, táimse sceiptiúil fós faoi. Feicimid. Ár ndóigh táimse go hiomlán i bhfábhar an fiosrúchán seo ach ní féidir a rá go bhfuil mé dóchasach.’

Mhínigh sé cén fáth gur cheap sé go raibh ról á thabhairt don FBI sa chás ar na mallaibh.

‘Sílim go bhfuil póilíní na hÉireann ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh arís agus iad ag filleadh ar an gcás seo de bharr an-chuid cúiseanna, cúiseanna polaitíochta i ndáiríre.’

Ian Bailey
Ian Bailey

Luaigh Gazeau an chuairt a thug Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron go hÉireann i 2021 agus ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin i 2022 a rinne cur síos ar dhúnmharú Toscan du Plantier mar ‘smál ar Éirinn.’

Dúirt Gazeau, atá ina uachtarán ar Chumann na Fírinne Faoi Dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier Born Bouniol (ASSOPH), go bhfuil dóchas éigin ar.

 ‘Tá cásanna… agus tháinig an fhírinne amach tar éis go leor blianta fada,’ a dúirt sé.

Dúirt sé, ‘ B’fhéidir go bhfuil seans beag ann go n-aimseofar rud éigin nua.’

Tá Bridget Chappuis –  imscrúdaitheoir fóiréinseach sinsearach ar scor a bhfuil staidéar déanta aici ar an gcás le blianta fada – tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.

Síleann sí go bhfuil línte fiosrúcháin eile ann go bhfhéadfadh na Gardaí a leanúint.

Tá imní uirthi go bhféadfadh athbhreithniú ar an gcás aird a tharraingt arís ar Ian Bailey.

Dúirt Chappuis, atá 28 bliain caite aici ag obair le póilíní an Met i Londain: ‘‘Sí an cheist a bhaineann le rud ar bith mar seo, 28 bliain ar aghaidh, ná go díghrádaíonn gach rud, go háirithe éadaí a bhfuil fuil orthu agus tastáil déanta faoi dhó air.

‘Rinneadh tastáil orthu ar dtús báire, agus ansin rinne údaráis na Fraince tástáil orthu.’

Emmanuel Macron
Emmanuel Macron

‘An céad uair, níor aimsíodh ach an DNA ó fhuil Sophie. Nuair a rinne údaráis na Fraince tástáil orthu, d’aimsigh siad próifíl DNA óna buatais nár bhain le Sophie nó Ian Bailey.

‘Sheol siad na buataisí agus táthar ag súil leis go bhféadfaí an próifíl a leathnú mar tá dul chun cinn maidir le teicnící DNA á déanamh i gcónaí.’

Maidir le ról an FBI, dúirt Chappuis, ‘Tá cumas maith ag an FBI… Tá dóchas orm i ndáiríre gur féidir leis an dul chun cinn maidir le DNA freagraí áirithe a nochtú.’

‘Ó thaobh na heolaiochta de, tá sé fiúntach ach ní hé an t-aon modh gur féidir úsáid a bhaint as. Tá an-chuid daoine eile le ceistiú agus deiseanna ann – ach dea-chomhartha atá ann go bhfuil tástáil á dhéanamh.’

Mhínigh an t-Uasal Gazeau an cur amach atá ag a chlann maidir leis an gcás.

Dúirt sé: ‘Sa Fhrainc, go pointe bhí sé réitithe mar dúinne sa Fhrainc, is é Ian Bailey an fear a mharaigh Sophie… Tá an chóir bainte amach againn go pointe mar ciontaíodh Ian Bailey sa bhFrainc, Mí Bhealtaine 2018.’

Dúirt sé freisin, ‘Is é an seasamh atá againne ná go mbeimid oscailte i gcónaí maidir le gach moladh, gach tuiscint ar an scéal – ach ní shin le rá go n-aontaímid le gach uile ceann acu.’

Micheál Martin
Micheál Martin

I 2020, rialaigh Ard-Chúirt na hÉireann don triú uair nach bhféadfaí Bailey a aistriú chun na Fraince le seal chaitheamh i bpríosún.

Fuair an t-iaririseoir bás Mí Eanáir anuraidh agus é 66 bliain d’aois. Shéan sé na líomhaintí ina choinne i gcónaí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram