

Tá rabhadh eisithe do thiománaithe go mbeidh tionchar mór orthu tar éis athrú ar árachas níos déanaí sa bhliain, rud a d’fhéadfadh ceadúnais tiomána a chúlghairm (revoke).
Le reachtaíocht nua a bhfuiltear ag súil a thiocfaidh i bhfeidhm níos déanaí i mbliana, tabharfar an t-údarás don Gharda Síochána uimhreacha ceadúnas tiomána agus sonraí faoi árachas a fhíorú.

Nuair atá árachas á fáil ag tiománaithe beidh orthu a n-uimhreacha tiománaithe, agus uimhreacha iad siúd atá ainmnithe ar a bpolasaithe, a sholáthar.
Ón 31 Márta, ní mór do thiománaithe atá ag athnuachan a gcuid árachais a n-uimhir tiománaí, uimhir naoi ndigit atá le fáil ar a gceadúnas tiomána, a sholáthar chun leanúint ar aghaidh.
Roinnfear na sonraí árachas ansin leis an Irish Motor Insurance Database (IMID).
Cheadaigh an tAire Iompair Eamon Ryan na rialacha árachas nua i mí na Samhna anuraidh, agus tá siad á gcur i bhfeidhm chun tiománaithe nach bhfuil árachas acu a choinneáil amach ar bhóithre poiblí.
Mhol an Coimisinéir Cúnta do Phóilíneacht Bóithre agus Rannpháirtíocht Pobail (Roads Policing and Community Engagement), Paula Hilman, an reachtaíocht nua mar bheart tábhachtach chun cumas na nGardaí chun dlíthe sábháilteachta bóithre a ‘neartú tuilleadh’.

Dúirt sí go gcuireann rochtain ar an Irish Motor Insurance Database, trí ghléasanna soghluaisteachta an Gharda Síochána, iad i riocht níos láidre chun breith orthu siúd a bhriseann an dlí i dtaobh árachas.
‘Cuireann an fhorbairt nua seo béim ar an dul chun cinn suntasach atá á bhaint amach nuair a fheabhsaímid an teicneolaíocht atá ar fáil do bhaill an Gharda Síochána agus muid ag obair i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara (stakeholders) agus ag roinnt sonraí,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.