

D’fhág Sinéad O’Connor €2milliún dá clann ina huacht – agus d’impigh sí orthu an deoir dheiridh a bhaint as a halbaim do gach rud ab fhiú dóibh.
Fuair an t-amhránaí bás de bharr cúiseanna nádúrtha in aois 56 Iúil seo caite, cúpla mí tar éis a mac, Shane Lunny, a bhí 17, bás trí fhéinmharú.
D’fhág Sinéad, arbh í Nothing Compares 2 U an t-amhrán is rathúla aici, a cuid ceoil ag na páistí a tháinig slán – Jake Reynolds, atá 36 bliain d’aois, Róisín Waters, atá 27 bliain d’aois, agus Yeshua Bonadio atá 16 bliana d’aois.

De réir a huachta, dúirt sí: ‘Tar éis mo bháis, agus faoi rogha aon duine de mo pháistí atá os cionn 18 mbliana d’aois an tráth sin, tá m’albam le heisiúint ionas go mbeidh siad in ann “milk it for what it’s worth”.
‘Is féidir le mo pháistí mo luaithreach (ashes) a fhágáil mar is cuí leo.’
Dúirt na páipéir dlí, a fuair an nuachtán the Sun, gur theastaigh uaithi ag a sochraid a bheith gléasta i róbaí sagairt agus Bíobla Eabhraise (Hebrew) agus a halbam Theology a bheith ina cónra (coffin).
Tá a leanbh is óige, Yeshua, le hoidhreacht a giotáir.
Is é a iar-fhear céile John Reynolds, atá ina léiritheoir ceoil agus athair Jake, seiceadóir (executor) na huachta.
Phós an lánúin i 1987 agus scar siad i 1991, ach lean siad ag obair le chéile.
Phós Sinéad, a rugadh i mBaile Átha Cliath, trí huaire eile.
Sa bhliain 1999 rinneadh sagart Tridentine Laidineach di tar éis di a bheith ordaithe ag an Easpag Michael Cox, i ngníomh a chuir iontas ar go leor Caitliceach.
Fuair Sinéad bás de dheasca ‘galar bacainn ainsealach scamhógach agus asma bronchial (exacerbation of chronic obstructive pulmonary disease and bronchial asthma)’, ag a hárasán i ndeisceart Londain.
Tar bás Sinéad, d’ordaigh Cróinéir Londain Theas go ndéanfaí scrúdú iarbháis (autopsy), mar níor tugadh aon míniú leighis don chúis a bhfuair sí bás ag an am.
Bhi sé deimhnithe ag Cúirt Chróinéara Southwark go bhfuair Sinéad ‘bás de chúiseanna nádúrtha (natural causes)’.

I ráiteas, dúirt siad: ‘Tá sé seo le deimhniú go bhfuair Sinéad O’Connor bás de bharr cúiseanna nádúrtha.
‘Mar sin tá deireadh curtha ag an gcróinéir lena baint lena bás. Ba cheart aon fhiosrúcháin bhreise a chur chuig an gCláraitheoir (Registrar) ag Lambeth.
‘Ní dhéanfar a thuilleadh tuairimí (No further comments).’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.