

Tá sé ráite ag Donald Trump le hoifigigh na doiciméid rúnda go léir a fhoilsiú maidir le maruithe JFK, Robert F Kennedy agus Martin Luther King Jr.
Éilíonn an t-ordú a shínigh sé go ndéanfaí páipéir John F Kennedy a ‘scaoileadh go hiomlán’, gan aon fhaisnéis a bheith curtha in eagar.

Rinne an Coimisiún Warren imscrúdú ar lámhach JFK agus chuir sé an locht ar an t-iar- cruinnaimsitheoir(sharpshooter), a bhí mar chuid de Mhuirshaighdiúirí na Stát Aontaithe (Marines), Lee Harvey Oswald, agus go raibh sé ag obair leis féin.
Mar sin féin, ní chreideann go leor daoine é sin, daoine mar an t-ainmniúchán (nominee) Rúnaí Sláinte agus Seirbhísí Daonna Trump, Robert Kennedy Jr.
Tá sé ráite ag Kennedy Jr go bhfuil fianaise rómhór ann go raibh baint ag an CIA le dúnmharú a uncail JFK agus fianaise ‘an- áititheach (very-convincing)’ go raibh baint acu le dúnmharú a athar féin, Robert F. Kennedy, i 1968.
Lámhachadh JFK marbh in Dallas ar an 22 Samhain 1963 os comhair fhoirgneamh Texas School Book Depository.
Sin an áit a raibh Lee Harvey Oswald, a bhí 24 bliain d’aois, nuair a lámhach sé an t-uachtarán.
Dhá lá tar éis JFK a mharú, lámhaigh agus mharaigh úinéir an chlub oíche, Jack Ruby, Oswald le linn aistrithe príosúin.
Maraíodh Robert Kennedy, a bhí ina Ard-Aighne JFK, i 1968 agus é i mbun feachtais ar son ainmniúchán Daonlathach mar uachtarán.
Ciontaíodh Sirhan Sirhan, Iordánach a rugadh sa Phalaistín, as a dhúnmharú.
Maraíodh Martin Luther King Jr i mí Aibreáin 1968 i Memphis, Tennessee.
Ciontaíodh James Earl Ray as an dúnmharú agus fuair sé bás sa phríosún i 1998, ach tá amhras léirithe ag leanaí an Uasail King roimhe seo faoi Ray a bheith an feallmharfóir.
Nuair a shínigh Trump an t-ordú chun na páipéir a seoladh dúirt sé: ‘Sin ceann mór, huh? Tá go leor daoine ag fanacht air seo le blianta, le blianta fada.’
Dúirt sé: ‘Beidh an t-eolas ar gach rud ar fáil anois.’

Ansin, thug sé an peann a d’úsáid sé do chúntóir, agus dúirt sé: ‘Tabhair é sin do RFK Jr.’
Dúirt Jack Schlossberg, garmhac le Kennedy, áfach, gur ‘prop polaitiúil’ a bhí sa chinneadh.
Dúirt sé: ‘Tá an fhírinne i bhfad níos brónaí ná an miotas (myth) – tragóid nár ghá di tarlú. Níl sé mar chuid de mhórscéim dosheachanta.
‘Tá sé seo ag baint úsáide as JFK mar prop polaitiúil, nuair níl sé anseo chun buille ar ais a thabhairt. Níl aon rud laochúil faoi,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.