

Tá ré nua coimeádach agus leithlisíoch (isolationist) tosaithe ag Donald Trump do na Stáit Aontaithe, ag fáil réidh le tacaíocht do WHO, don chomhshaol agus do go leor cearta daonna.
Tá cuid dá orduithe chomh dian sin go bhfuil siad beagnach cinnte go dtabharfar agóid dóibh sa chúirt. Clúdaíonn siad beagnach gach gné den tsochaí sa bhaile agus thar lear.
Léiríonn an chuid is mó acu cé chomh fada agus atá sé toilteanach dul ar mhaithe lena leas féin agus leasanna a lucht tacaíochta.

Cheadaigh Trump an 1,600 círéibeoir agus agóideoir dul saor, a cúisíodh mar gheall ar an ionsaí ar Washington an 6 Eanáir 2021.
Thug sé pardún don chuid is mó de na cosantóirí agus chuir sé deireadh le pianbhreith de 14 bhall de mhílíste na Proud Boys agus na Oath Keepers.
Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh iad a scaoileadh saor láithreach agus dúirt: ‘Tá siad i bpríosún le fada an lá cheana féin. Tá na daoine seo scriosta.’
Ina measc tá ciontóirí foréigneacha a d’ionsaigh na póilíní an 6 Eanáir le slacáin daorchluiche (baseball bats) agus airm eile, agus ar tugadh pianbhreitheanna fada orthu as a gcuid coireanna.
Is cosúil gurb iad na taraifí na rudaí a bhfuil suim ag formhór na dtráchtairí agus na bpolaiteoirí Éireannacha iontu, in ionad cailliúint chearta an duine, toisc go bhféadfadh siad cur isteach ar gheilleagar na hÉireann.
Ar an ábhar sin cuirfidh Trump tús láithreach le himscrúduithe ar thrádáil le Ceanada, leis an tSín agus le Meicsiceo.
Déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar shaincheisteanna tionsclaíocha eile, féachaint an bhfuil gá le taraifí níos mó chun tacú le geilleagar na Stát Aontaithe.
Inseoidh Trump d’oifigigh measúnú a dhéanamh ar indéantacht ‘Seirbhís Ioncaim Sheachtrach (External Revenue Service)’ a chruthú chun taraifí agus cánacha a bhailiú ó lasmuigh de na Stáit Aontaithe.
Tarraingeoidh sé na Stáit Aontaithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus ó Chomhaontú Pháras ar athrú aeráide ar chomhaontaigh formhór na dtíortha dó.
Athainmneoidh (rename) sé Sliabh Denali, an sliabh is airde sa tír, atá ainmnithe in ómós do na Meiriceánaigh Dhúchasacha.
Ina áit sin ainmneoidh Trump é i ndiaidh an Uachtaráin William McKinley, a chuaigh chun cogaidh in aghaidh na Spáinne i 1998 le haghaidh cumhachta thar Guam, Pórtó Ríce agus Cúba.
Athainmneoidh sé Murascaill Mheicsiceo (Gulf of Mexico) mar Mhurascaill Mheiriceá freisin.
D’fhógair Trump freisin go gcinnteoidh sé go mbeadh ‘soláthar I gcónaí’ de dhrugaí marfacha instealladh (lethal injection) ag stáit atá ag déanamh pionós an bháis (death penalty).
Faoin straitéis nua tabharfar post fostaí feidearálach Sceidil F ar ais – is é sin duine nach bhfuil na cearta céanna acu agus atá ag státseirbhísigh eile.
Cuirfidh sé deireadh freisin le cianobair (remote working) d’fhostaithe feidearálachagus déarfaidh sé leo a bheith san oifig go lánaimseartha.
Beidh imréiteach slándála (security clearance) ag a fhoireann sa Teach Bán chun rochtana (access) a dhéanamh ar rúin stáit gan a bheith seiceáilte ag na húdaráis slándála.
Maidir le hinimirce tá sé ráite aige gur éigeandáil náisiúnta é an cás ar theorainn Mheicsiceo, a chiallaíonn gur féidir leis airgead a chaitheamh air gan cead ó ‘Congress’.
Cuirfidh Trump deireadh le cláir éagsúlachta agus comhionannais i ranna stáit, bhain sé cosaintí do dhaoine tras-inscne sna príosúin agus ní aithníonn sé ach dhá inscne, fir agus mná.

Maidir leis an gcomhshaol, cuirfidh sé deireadh le formhór na dtacaíochtaí do rialacha chun an t-athrú aeráide a chosc.
Dearbhóidh sé freisin éigeandáil náisiúnta ar fhuinneamh ionas go mbeidh níos mó cumhachta aige fáil réidh le rialacha comhshaoil gan cead ó ‘Congress’.
Cuirfidh sé deireadh leis na coisc ar dhruileáil amach ón gcósta atá in áiteanna i gceantair áirithe, cuirfidh sé deireadh le rialacháin a spreagann gluaisteáin leictreacha, cuirfidh sé deireadh le léasú uiscí feidearálach d’fheirmeacha gaoithe, beidh cead druileáil ola níos mó agus beidh athbhreithniú ar na rialacha comhshaoil go léir maidir le gual, ola, gás nádúrtha, cumhacht núicléach agus foinsí fuinnimh eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.