Beidh Rialtas nua againn, le bua mór do na ‘Independents’ le 5 Aire (Ministers)

15/01/2025

Sa Rialtas nua beidh 4 post mar airí ag dul chuig Teachtaí Dála Neamhspleácha (Independent), Réigiúnacha agus beidh ceann eile ag dul chuig na Healy-Raes

Tá Rialtas nua aontaithe, le roinnt poist mar airí le haghaidh Teachtaí Dála Neamhspleácha –  ach ní bheidh aon duine acu sa Chomh-Aireacht (Cabinet) nó ag vótáil ar pholasaithe an Rialtais.

Beidh post mar shár-aire sóisearach (super junior minister) sa Rialtas tugtha do bheirt acu, siad sin Seán Canney agus Noel Grealish.

Sa Rialtas nua beidh Marian Harkin
Sa Rialtas nua beidh Marian Harkin

Chomh maith leis sin beidh Marian Harkin agus  Kevin ‘Boxer’ Moran ina hairí sóisearacha (junior ministers).

Bhí na deartháireacha Healy-Rae i mbun cainteanna faoi dhul isteach sa rialtas nua go déanach oíche Mháirt.

Ní raibh aon róil mar shár-aire shóisearach (super junior minister) sa Rialtas ar fáil dóibh ach tá ról mar aire sóisearach (junior minister) acu, de réir tuairiscí.

Seán Canney
Seán Canney

Tá comharthaí coimeádach (conservative) á léiriú ag an rialtas nua cheana féin, agus tá sé beartaithe acu fáil réidh le cuid de na polasaithe a bhaineann leis an gComhaontas Glas le díograis (enthusiasm).

Beidh siad ‘uaillmhianach (ambitious) maidir le hiompar poiblí agus bóithre’, a dúirt figiúr a bhfuil baint aige le dréachtú an chomhaontú, dar leis an Irish Times.

Agus dúirt siad freisin: ‘Ní bheidh an oiread sin lánaí rothar tógtha, tá sé sin cinnte. Beidh rudaí móra ar siúl anois.’

Ní bheidh aon ghealltanas ach oiread go reáchtálfar reifrinn ar úinéireacht phoiblí uisce nó ar an gceart chun tithíochta.

Ochtar aire iomlán a bheidh ag Fianna Fáil agus seachtar ag Fine Gael sa Rialtas nua.

Rachaidh an tAire Airgeadais go Fine Gael, agus meastar arís go nglacfaidh Paschal Donohoe an ról.

Noel Grealish
Noel Grealish

Táthar ag súil go n-aistreoidh Jack Chambers ó Fhianna Fáil go ról Caiteachais Phoiblí (Public Expendeiture).

Mar sin féin, leathnófar (expand) an ról chun bonneagar (infrastructure), athchóiriú agus digitiú a chuimsiú.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil plean Simon Harris le haghaidh Aire Bonneagair (Infrastructure), Aeráide agus Iompair dumpáilte.

Mar sin féin, táthar ag súil go nglacfaidh Harris an ról mar Aire Gnóthaí Eachtracha (Foreign Affairs) agus go mbeidh Trádáil leis.

Táthar ag súil go n-aistreoidh Inimirce (Immigration) ón Roinn Leanaí (Children) go dtí an Roinn Dlí agus Cirt (Justice), agus beidh sé ina Roinn Gnóthaí Baile (Home Affairs Department) amháin.

Táthar ag súil go mbogfaidh Turasóireacht ón Roinn Chultúir go dtí an Roinn Fiontar (Enterprise).

I bhFianna Fáil, tá súil go mbeidh Chambers, Darragh O’Brien agus Norma Foley mar airí arís.

Kevin ‘Boxer’ Moran
Kevin ‘Boxer’ Moran

Ach tá éiginnteacht ag baint le Charlie McConalogue.

Mar sin féin seans go mbeidh post mar airí sinsearacha do Dara Calleary, Mary Butler, James Browne, James Lawless, Niall Collins agus Timmy Dooley.

I bhFine Gael, meastar go mbeidh Donohoe, Helen McEntee, Peter Burke agus Patrick O’Donovan sa Chomh-Aireacht.

Tá seans go mbeidh post ann freisin do Jennifer Carroll-MacNeill, Hildegarde Naughton agus Martin Heydon.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram