An aimsir de réir Met Éireann, Dé Céadaoin. Báisteach, ach ní go dtí an deireadh seachtaine

An aimsir: Cad atá in ann dúinn de réir Met Éireann? Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir: Cad atá in ann dúinn de réir Met Éireann? Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir i gcoitinne: Beidh sé éadrom agus socraithe le báisteach níos ginearálta ag teacht ag an an deireadh seachtaine.

An aimsir don Chéadaoin

Beidh Dé Céadaoin tirim agus grianmhar ar fud formhór na gceantar ach níos scamallaí in amanna in aice le contaetha an Atlantaigh agus theas.

An teocht is airde de 8 go 11 céim le gaoth éadrom go measartha ó dheas.

Beidh oíche Chéadaoin tirim le tréimhsí soiléir agus cúpla paiste ceo nó ceobhráin.

An teocht is ísle idir 4 agus 9 gcéim le ghaotha measartha.

9 gcéim i ngaoth meAn aimsir don Déardaoin

Tirim le tréimhsí gréine ar fud na leithe thoir den tír, agus níos scamallaí in áiteanna eile.

An teocht is airde idir 8 agus 11 céim le gaotha measartha.

Beagán báisteach agus ceobhrán ar fud na gcontaetha thiar agus iarthuaisceart thar oíche agus leanann an aimsir thirim den chuid is mó i gceantair eile.

Teocht is ísle de 6 go 9 gcéim.asartha ó dheas.

An aimsir don Aoine

Beidh sé go ginearálta tirim ach scamallach le roinnt báisteach éadrom ar fud chontaetha an Atlantaigh.

Teochtaí is airde de 10 go 12 céim le gaotha measartha.

An deireadh seachtain

Fanfaidh sé éadrom le gaotha measartha ó dheas go dtí an t-oirdheisceart den chuid is mó.

Cuirfidh aon bháisteach isteach ar chontaetha cósta an deiscirt Dé Sathairn agus is dócha go mbeidh báisteach níos forleithne ann oíche Shathairn agus ar an Domhnach.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram