An aimsir de réir Met Éireann, Dé Luan

12/01/2025

An aimsir: Cad atá in ann dúinn de réir Met Éireann? Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne

An aimsir go ginearálta: Tá an aimsir sheaca (freezing weather) imithe agus beidh sé séimh (mild). Beidh an chuid is fearr den aimsir tirim os cionn leath oirthear na tíre ach beidh báisteach ag teacht isteach ón Atlantach.

An aimsir don Luan

Beidh sé séimh agus gaofar Dé Luain le báisteach agus ceobhrán ar dtús. Scaipfidh tréimhsí báistí níos seasmhaí ón Atlantach ar maidin agus tráthnóna.

Beidh roinnt ceobhrán ar chnoic agus ar chóstaí agus beidh ceo ann freisin.

Teocht is airde de 10 go 13 céim le gaotha measartha. Mar sin féin, d’fhéadfadh tuilte áitiúla a bheith mar thoradh ar leá (melting) mall sneachta.

Beidh sé scamallach oíche Luain den chuid is mó le ráigeanna báistí agus ceo agus roinnt ceobhrán.

An teocht is ísle idir 8 agus 11 céim i ngaoth úr agus séimh, láidir ar chóstaí an Atlantaigh.

An aimsir don Mháirt

Go ginearálta beidh sé scamallach le cúpla paiste ceo agus ceobhrán. Mar sin féin, beidh neart aimsir thirim ann ar an iomlán agus is dócha go mbeidh cúpla tréimhse ghréine ann.

Teocht is airde de 10 go 13 céim i ngaotha úra.

Tirim den chuid is mó oíche Dé Máirt le tréimhsi soiléire agus gan ach cúpla cith san iarthuaisceart.

Teocht is ísle de 5 go 8 gcéim le gaoth measartha.

An aimsir don Chéadaoin

Meascán de scamall agus tréimhsi gréine Dé Céadaoin. Táthar ag súil go mbeidh sé tirim go príomha ach is féidir roinnt ceathanna a beith ann.

Teocht is airde de 8 go 11 céim i ngaotha measartha.

Tirim den chuid is mó oíche Chéadaoin le tréimhsi soiléire agus gan ach cúpla paiste ceo nó ceobhrán. An teocht is ísle idir 6 agus 9 gcéim i ngaoth measartha ó dheas.

An réamhaisnéis don Déardaoin

Táthar ag súil gur lá tirim den chuid is mó a bheidh ann Déardaoin. Beidh sé scamallach go ginearálta ar fud iarthar agus tuaisceart na tíre agus seans go mbeidh ceobhrán i gceantair chósta an Atlantaigh.

Níos faide soir agus ó dheas beidh meascán de scamall agus roinnt tréimhsí gréine ann.

Teocht is airde de 9 go 12 céim le gaotha measartha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram