

Tá sneachta agus oighear fágtha ar fud na tíre, fiú agus muid ag cloisteáil go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir don deireadh seachtaine.
Tá sé fós contúirteach i go leor áiteanna sa tír, de réir Met Éireann, mar sin bí cúramach amuigh ansin.
Bhí oighear agus sioc ar fud cuid mhór den tír oíche Déardaoin.

Agus bhí rabhadh Stádas Oráiste le hoighear agus teocht íseal do 15 chontae go dtí 8am Dé hAoine, ag an am céanna beidh roinnt sneachta ag tosú leá (melt).
Agus tugadh rabhadh Stádas Buí le hoighear don tír ar fad go dtí meán lae Dé hAoine.
Thug Met Éireann rabhadh freisin go mbeidh roinnt sneachta, chomh maith le paistí oighreata agus oighear dubh contúirteach, fós ann thar an deireadh seachtaine.
Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tiománaithe agus coisithe (pedestrians) a bheith an-chúramach ar na bóithre agus ar na cosáin.
Dúirt Meitéareolaí Met Éireann Linda Hughes le Nuacht RTÉ, áfach, go dtosóidh an sneachta ag leá Dé hAoine, ag tosú san iardheisceart.
Dúirt sí: ‘Tá an bháisteach chun bogadh isteach san iardheisceart agus suas go codanna de Chonnacht, deisceart Laighean, agus beidh sé ag dul isteach go luath tráthnóna Dé hAoine – mar sin beidh an teocht ag ardú beagán.
‘Beidh an teocht idir 6 agus 10 gcéim i gcodanna de Chúige Mumhan… mar sin tosóidh an sneachta ag leá,’ a dúirt sí.
Dúirt sí nach mbeadh an aimsir chomh bog níos faide ó thuaidh. Tógfaidh sé sin níos mó ama don sneachta agus don oighear a leá.

Mar sin féin, go ginearálta, bhí dea-scéal ann don deireadh seachtaine.
Dúirt Ms Hughes go leanfadh an sneachta agus oighir ag leá Dé Sathairn.
Dúirt sí: ‘Is ansin a thosóidh an teocht ag dul in airde agus cinnte, faoin Domhnach, beidh siad suas ag 10 nó 11 céim ar fud na tíre, mar sin beidh sé thart faoin Domhnach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.