Sneachta agus oighir: Teochtaí ag -10 gcéim? Scoileanna dúnta agus rabhaidh ag aerfoirt

08/01/2025

D’fhág an sneachta agus an t-oighear na mílte teaghlach gan leictreachas ná uisce agus tá rabhadh tugtha ag Met Éireann faoi choinníollacha contúirteacha go dtí Dé hAoine

De bharr sneachta agus oighir tá rabhadh aimsire Stádas Oráiste don chuid is mó den tír go dtí 6pm Dé Céadaoin.

Agus tá sé ráite ag Met Éireann go bhfuil coinníollacha níos géire ag teacht.


Cliceáil ar an bpictiúr seo le haghaidh an aimsir Dé hAoine

weather snow fir feat
. Leis an oighear agus an sneachta beidh oíche an-fhuar eile oíche Chéadaoin agus lá an-fhuar eile Déardaoin

Sneachta ag imeacht Dé hAoine, ach ‘black ice’ fós ann – agus cén aimsir a bheidh againn don deireadh seachtaine?


Táthar ag súil leis na coinníollacha fuara, le sneachta agus oighear, ar fud na tíre don chuid eile den tseachtain.

Dúirt Met Éireann go raibh sé tuartha go mbeidh an teocht idir -2 agus -8 oíche Chéadaoin.

Tá rabhaidh aimsire ann maidir le teocht íseal agus oighear, agus fanfaidh sneachta ar an talamh, agus tá sé sin i bhfeidhm go dtí Déardaoin ar a laghad.

D’fhéadfadh an teocht titim chomh híseal le -10 gcéim.

Táthar ag iarraidh ar thaistealaithe seiceáil lena n-aerlínte roimh a dturas agus Éire ag ullmhú le haghaidh oighir agus sneachta breise.

Tá rabhadh tugtha ag Met Éireann faoi choinníollacha contúirteacha taistil ar bhóithre agus faoi chos, cur isteach agus moill ar thaisteal, agus ceisteanna leasa ainmhithe sna réigiúin a bhfuil tionchar orthu.

Tá rabhadh tugtha do dhaoine i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath, i Lú agus i Loch Garman faoi theocht íseal agus oighear.

Tá na sé chontae i dTuaisceart Éireann fós faoi rabhadh sneachta agus oighir, de réir Oifig Mheitéareolaíochta na Breataine (Met Office).

Bhí timpeall 6,500 teach agus gnó gan chumhacht, agus tá 8,000 teach gan uisce, go príomha i gCiarraí, i Luimneach agus i dTiobraid Árann, oíche Mháirt.

D’fhéadfadh go n-ardóidh na figiúirí seo, áfach, de bharr an rabhaidh aimsire Stádas Oráiste agus an sneachta nár leáigh.

Tá gach coinne (appointment) neamhphráinneach (non-emergency) othar seachtrach (outpatients) agus cliniciúil i gCiarraí curtha ar ceal ag an HSE go dtí Déardaoin mar gheall ar ‘chúinsí contúirteacha’ d’othair agus don fhoireann.

Leanfar ar aghaidh le coinní práinneacha agus rachaidh an fhoireann i dteagmháil le hothair atá buailte.

Dúnadh scoileanna i gcodanna den Lár Tíre agus de Chúige Mumhan Dé Céadaoin mar gheall ar choinníollacha contúirteacha taistil.

Is ceist d’údaráis bhainistíochta scoileanna aonair ar fud na tíre é an cinneadh scoil a dhúnadh.

Dúirt urlabhraí Met Éireann, Andrew Doran-Sherlock le RTÉ nach dócha go n-athróidh na coinníollacha sioctha agus oighir faoi láthair mar nach n-ardóidh an teocht os cionn an reophointe i rith an lae.

Dúnadh scoileanna i gcodanna den Lár Tíre agus de Chúige Mumhan Dé Céadaoin
Dúnadh scoileanna i gcodanna den Lár Tíre agus de Chúige Mumhan Dé Céadaoin

‘Beidh sioc agus oighear ann. Beidh oíche an-fhuar eile oíche Chéadaoin agus lá an-fhuar eile Déardaoin.

‘Mar sin i ndáiríre, áit ar bith ina bhfuil sioc agus oighear ann, tá seans maith ann nach n-aistreoidh sé trí na laethanta.

‘Agus tá an deacracht eile againn, go mbeidh ceo i rith na hoíche. Agus arís, ní bheidh sé sin ag aistriú in áiteanna i rith an lae. Agus déanfaidh sé sin coinníollacha taistil an-deacair.’

Táthar ag súil go n-ardóidh an teocht oíche Déardaoin go dtí Dé hAoine, de réir mar a ghluaiseann báisteach, flichshneachta agus sneachta soir ó thuaidh ar fud na tíre.

Beidh aimsir níos séimhe ag an deireadh seachtaine, agus beidh teochtaí 6C go 10C ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram