

Rabhadh aimsire: Tá rabhadh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann faoi shneachta agus oighear don tír ar fad don Mháirt.
Beidh an teocht chomh híseal le -8 gcéim i gceantair áirithe.
Tabharfaidh ceathanna gheimhridh níos mó sneachta. Beidh coinníollacha taistil chontúirteacha mar thoradh air seo agus meastar go mbeidh dhrochléargas (poor visibility) agus cur isteach ar thaisteal.
Tá an tír ar fad faoi rabhadh Stádas Buí le teochtaí íseal agus oighir go dtí meán lae Déardaoin.
Faoin rabhadh seo, tá Met Éireann ag tuar ‘oícheanta an-fhuar le sioc agus oighear forleathan’. Beidh na teochtaí ‘ag streachailt le dul os cionn an reophointe i rith an lae’.
Tagann sé seo tar éis na mílte teaghlach agus gnólachtaí a bheith gan chumhacht Dé Luain mar gheall ar an aimsir.
Dúnadh scoileanna, cuireadh coinní (appointments) ospidéil ar ceal agus i gCorcaigh, i gCiarraí, i dTiobraid Árann, i Laois agus i gcodanna den Iarthar-láir bhí ‘titim suntasacha sneachta’.

Seo í an aimsir don tseachtain amach romhainn, dar le Met Éireann:
Beidh sé an-fhuar le sioc agus oighear forleathan. Roinnt ceathanna geimhridh freisin go dtí an Aoine.
An aimsir don Mháirt
Lá an-fhuar eile a bheidh ann Dé Máirt le solas na gréine agus tuilleadh ceathanna geimhridh scaipthe, go príomha in iarthar agus i dtuaisceart na tíre.
Leanfaidh sioc agus oighear in áiteanna áirithe ar feadh an lae le teochtaí is airde ag dul ó 0 céim go +5 céim agus gaotha measartha siar ó thuaidh.
Beidh oíche Mháirt an-fhuar le sioc agus le teochtaí ó -8 gcéim go -3 céim i ngaoth éadrom an iarthair.
Beidh coinníollacha contúirteacha taistil ann agus ceathanna geimhridh feadh an chósta thuaidh.
An aimsir don Chéadaoin
Beidh sé an-fhuar ar an gCéadaoin le hoighir agus ceo ag fanacht in áiteanna áirithe i rith an lae.
Nuair a ghlanann an ceo beidh roinnt gréine ann.
Beidh an teocht is airde um thráthnóna idir -3 agus +3 céim i ngaoth éadrom an iarthair den chuid is mó. Tuilleadh ceathanna geimhridh sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.
Oíche Chéadaoin: Oíche fhuar eile le sioc agus oighear forleathan mar aon le ceo ag forbairt arís.
Roinnt ceathanna flichshneachta agus sneachta feadh limistéir chósta thuaidh agus thiar thuaidh. Teocht is ísle ag dul ó -8 go -2 céim.
An aimsir don Déardaoin
Beidh Déardaoin tirim agus fuar den chuid is mó le roinnt solas na gréine, ach d’fhéadfadh sioc agus ceo fanacht i gcodanna theas.
Teocht is airde um thráthnóna ó -2 go +5 céim, le gaotha éadroma.
Oíche Déardaoin: Báisteach, flichshneachta agus sneachta ag scaipeadh soir ó thuaidh oíche Déardaoin.
An teocht is ísle idir 0 agus 4 céim, i ngaoth measartha go húir oirdheisceart.

An aimsir don Aoine
Ní bheidh sé chomh fuar Dé hAoine le ráigeanna báistí ag scaipeadh soir agus ag éirí níos éadroime i rith an lae.
Teocht is airde de 3 go 6 céim le gaotha éadrom oirdheisceart.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.