Rabhadh sneachta: Trioblóid do scoileanna, ospidéil agus daoine ag taisteal

05/01/2025

D’fhág sneachta agus oighear na mílte teach gan leictreachas, roinnt scoileanna dúnta agus coinníollacha contúirteacha taistil ar na bóithre

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann faoi oícheanta an-fhuar sna laethanta amach romhainn le sneachta agus sioc agus oighear forleathan.

Is dócha nach n-éireoidh an teocht os cionn an reophointe i rith an lae.

Lá an-fhuar a bheidh ann Dé Luain le sioc go forleathan agus sneachta suite.

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann faoi oícheanta an-fhuar sna laethanta amach romhainn le sneachta agus sioc agus oighear go forleathan
Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann faoi oícheanta an-fhuar sna laethanta amach romhainn le sneachta agus sioc agus oighear go forleathan

Tá an Roinn Oideachais ag súil go n-osclóidh formhór na scoileanna mar is gnách maidin Dé Luain.

Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go mbeidh go leor i gceantair a bhfuil drochthionchar ag sneachta agus oighear orthu le dúnadh mar gheall ar dhálaí áitiúla agus imní shábháilteachta.

Siad sin i gCeatharlach (Carlow), Corcaigh, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh (Kilkenny), Laois agus Luimneach.

Táthar ag súil go bhfanfaidh beagnach gach scoil i gcontaetha Cheatharlach agus Chill Chainnigh dúnta amárach mar gheall ar an aimsir fuair.

Tá Rabhadh Stádais Buí le Sneachta agus Oighear do Chúige Laighean, An Cabhán, Muineachán (Monahan), Mumhan (Munster) i bhfeidhm go dtí meán oíche Luain.

Tá Rabhadh Stádais Buí faoi theocht íseal agus oighir don tír ar fad i bhfeidhm freisin go dtí 12pm Déardaoin.

Lá an-fhuar a bheidh ann Dé Luain le sioc go forleathan agus sneachta suite
Lá an-fhuar a bheidh ann Dé Luain le sioc go forleathan agus sneachta suite

Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh oícheanta an-fhuar ann le sioc agus oighear go forleathan.

Bhí 59,000 teach, feirme agus gnó gan chumhacht, go mór mhór i gCorcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann (Tipperary), Cill Chainnigh, Ceatharlach, Laois agus Cill Mhantáin (Wicklow), dar leis an ESB Networks mar gheall ar an sneachta agus an t-oighear.

‘Táimid ag súil go dtógfaidh athchóiriú cumhachta roinnt laethanta sna ceantair sin is mó a mbíonn tionchar orthu,’ a dúirt siad.

Dúirt Uisce Éireann go raibh thart ar 15,000 teach gan uisce agus go bhfuil criúnna ag obair chun soláthairtí a athchóiriú.

D’impigh siad ar theaghlaigh, ar ghnólachtaí agus ar fheirmeoirí seiceáil le haghaidh sceite (leaks) agus uisce a mhúchadh go píopaí lasmuigh agus tithe nach bhfuil aon duine iontu.

Mhol siad freisin go smaoineodh daoine ar an téamh (heating) a shocrú le teacht ar siúl go tréimhsiúil ag teocht níos ísle do na limistéir sin, rud a fhágann gur féidir aer te a chur i gcúrsaíocht agus a chuideoidh le cosc ​​ar reoigh (freeze) a chur ar phíopaí.

Deir Uisce Éireann go raibh obair ar bun le seirbhísí a athchóiriú i gcodanna de dheisceart Chontae Átha Cliath agus i gcathair Bhaile Átha Cliath tar éis imeacht aimsire an deireadh seachtaine.

Tá sé ráite ag HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) Thiar Theas go bhfuil ‘gach coinne (appointments) neamhphráinneach (non-urgent) ar nós coinní othar seachtrach (outpatient) agus coinní cliniciúla eile i seirbhísí Chorcaí curtha ar ceal Dé Luain.

Dúirt siad, áfach, go rachaidh foireann an HSE i dteagmháil le hothair a bhfuil coinní práinneacha acu chun socruithe a dhéanamh.

Tá sé ráite ag Iarnród Éireann go bhfuil súil aige go n-oibreoidh gach bealach, seachas ceann amháin, Luimneach go Baile Uí Bhróithe (Ballybrophy) tríd an Aonach (Nenagh), maidin Dé Luain.

Ar an Luan beidh solas na gréine agus ceathanna scaipthe báistí, clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta agus beidh toirneach ann freisin.

Is dócha nach n-éireoidh an teocht os cionn an reophointe i rith an lae.
Is dócha nach n-éireoidh an teocht os cionn an reophointe i rith an lae.

Beidh na teochtaí is airde idir céim amháin agus cúig chéim.

Táthar ag súil freisin gur lá fuar eile a bheidh sa Mháirt le solas na gréine agus roinnt ceathanna geimhridh eile scaipthe in iarthar agus i dtuaisceart na tíre.

Fanfaidh sioc agus oighear in áiteanna áirithe ar feadh an lae agus beidh na teochtaí is airde ó náid go -8 gcéim thar oíche.

Fanfaidh na coinníollacha fuar agus sioc thar an gCéadaoin agus Déardaoin ach beidh feabhas de réir a chéile ar theocht an deireadh seachtaine seo chugainn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram