

Cháin Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (the National Union of Journalists, NUJ) go láidir marú cúigear iriseoir le linn thréimhse na Nollag i lár Gaza.
Tagann an cáineadh agus iriseoirí, baill den NUJ, ag ullmhú le bheith páirteach i ‘vigil’ atá á eagrú ag Feachtas Dlúthpháirtíochta na Palaistíne (Irish Palestinian Solidarity Campaign, IPSC) i lár chathair Bhaile Átha Cliath, Oíche Chinn Bliana (New Year’s Eve).

Tá an ‘vigil’ á reáchtáil ag Droichead na Life (Halfpenny Bridge) ag 2pm.
Gach bliain reáchtálann an IPSC roinnt ‘vigil’ ar fud na tíre chun comóradh a dhéanamh ar ionsaí Iosraelach ‘Operation Cast Lead’ ar Gaza.
Dúirt an IPSC: ‘Ní cuimhneacháin a bheidh iontu i mbliana ach agóidí i gcoinne cinedhíothú (genocide) leanúnach ag Apartheid Iosrael i gcoinne mhuintir na Palaistíne in Gaza.
‘I mBaile Átha Cliath táimid ag iarraidh ar dhaoine teacht le chéile ag 2pm Dé Máirt 31 Nollaig ag Droichead na Life, Baile Átha Cliath chun freastal ar ár “vigil” bliantúil ag Oíche Chinn Bliana do mhuintir na Palaistíne, go háirithe iad siúd atá faoi léigear (besieged) in Gaza.’
Beidh láithreacht ar leith ag iriseoirí sa phreas agus sna meáin ag an ‘vigil’ i ndlúthpháirtíocht leis na hiriseoirí a mharaigh míleata Iosrael in Gaza.
D’oibrigh an cúigear iriseoir a maraíodh san aon ionsaí amháin ar Gaza, le linn na Nollag, don chainéal satailíte Al-Quds Today.
Bhí na hiriseoirí ina gcodladh sa veain áit ar cheart dóibh a bheith sábháilte. Bhí an veain marcáilte go soiléir leis an bhfocal ‘PRESS’.
Tuigeadh go raibh na hiriseoirí ag clúdach imeachtaí in aice le hOspidéal Al-Awada in Gaza, atá lonnaithe i gcampa dídeanaithe (refugee camp) Nuseirat, nuair a bhuail ionsaí aeir Iosraelach a veain chraolacháin (broadcasting).
Taispeánann grianghraif a scaiptear ar na meáin shóisialta an fheithicil i lasracha (flames).

Dúirt Séamus Dooley, Ard-Rúnaí Cúnta an NUJ: ‘Níl aon amhras ann gur shuiteáil (installation) meáin a bhí san veain.
‘Tá iriseoirí agus a n-áiseanna cosanta ag coinbhinsiúin idirnáisiúnta, mar shibhialtaigh, agus níor cheart díriú orthu.
‘Is sárú (violation) mór eile é seo agus ní mór é a cháineadh.
‘Tá drochmheas léirithe ag rialtas Iosrael ar an dlí idirnáisiúnta; agus ní féidir an chaoi a gcaitear le sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus oibrithe cúnaimh, a chosaint in am ar bith.
‘Déanaimid comhbhrón le muintir na n-íospartach agus lena gcomhghleacaithe agus lena gcairde.

‘Tá ár smaointe leis na teaghlaigh ar fad ag an am brónach seo.’
Bhí duine de na fir a maraíodh díreach tar éis a bheith ina athair, agus rugadh a pháiste in ospidéal.
‘Iarraimid arís ar rialtas Iosrael stop a chur le díriú ar iriseoirí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.