

Tá cás sa chúirt tugtha i gcoinne iar-aire na Gaeltachta Josepha Madigan agus a deartháir ag Banc Uladh mar gheall ar fhiach €225,000.
Deir an banc go raibh siad ag iarraidh an t-airgead a fháil ar ais i 2019; agus tháinig cás os comhair na hArd-Chúirte Dé Luain ag lorg breithiúnais (judgment).

Líomhain Banc Uladh gur theip ar Ms Madigan, iar-aire Rialtais agus aturnae cáilithe, agus a deartháir Patrick Madigan, aturnae freisin, aisíocaíochtaí a dhéanamh ar thrí iasacht in ainneoin éileamh (demand).
D’eisigh an banc éileamh Ard-Chúirte ag lorg breithiúnais i gcoinne an dearthár agus deirfiúr ar €225,869 móide ús (plus interest).
Ar an Luan, áfach, dúirt an t-abhcóide Keith Farry, ar son na beirte Madigan, leis an gcúirt go n-aontaíonn an dá thaobh gur cheart síneadh ocht seachtaine a dheonú dá chliaint chun a gcosaint ar na héilimh a chomhdú (file).
Ba cheart a chostais dlí a bhronnadh ar an mbanc as a thairiscint, ach ba cheart ordú den sórt sin a chur ar sos, a dúirt an tUasal Farry.
Dúirt an Breitheamh Anthony Barr go dtabharfar breithiúnas don bhanc i gcoinne na beirte mura gcomhdaítear an chosaint laistigh den tréimhse sínte.
Rinne sé an t-ordú costais mar a comhaontaíodh idir na taobhanna.
Deir Banc Uladh (Ulster Bank Ireland DAC) gur thug siad iasacht €201,000 do na Madigans i 2005, agus chuir siad síneadh leis na háiseanna rótharraingt (overdraft) an bhliain sin agus, i mí na Nollag 2007, thug siad ST£100,000 ar iasacht dóibh.
Dúirt siad gur theip orthu na haisíocaíochtaí a dhéanamh mar a comhaontaíodh agus d’éiligh siad íocaíocht de €213,000 i mí Eanáir 2019.
Ag deireadh mhí Lúnasa, bhí €225,869 dlite ó mhuintir Madigan ach bhí ús €27.82 in aghaidh an lae ann, a deir an banc.
Lorgaíonn an cás breithiúnas ina gcoinne ar €225,959 móide ús agus damáistí.

Bhí Ms Madigan, TD do Bhaile Átha Cliath Ráth an Dúin (Dublin Rathdown), ina haire stáit le freagracht as oideachas speisialta go dtí Márta na bliana seo.
Ag an am, d’fhógair sí go raibh sí ag éirí as an ról agus go mbeadh sí ag éirí as an bpolaitíocht.
Roghnaigh sí gan seasamh san olltoghchán le déanaí.
Bhí sí ina hAire Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó 2017 go dtí 2020.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.