

Le séasúr na Nollag ag teacht, tá cathú (temptation) orainn chun níos mó airgid a chaitheamh agus Cártaí Creidmheasa a úsáid.
Léirigh taighde a rinne an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (Competition and Consumer Protection Commission, CCPC) ar chaiteachas tomhaltóirí an Nollaig seo caite go raibh aon trian de thomhaltóirí ag súil le hairgead a fháil ar iasacht chun costais na Nollag a chlúdach.
Tá sé éasca cinntí a dhéanamh maidir le hiasachtú agus caiteachas, cibé an bhfuil sé sin ar an gcárta creidmheasa nó ag roghnú ‘Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí’ sa siopa.
Tá roghanna íocaíochta solúbtha iolracha ann na laethanta seo – ach tá sé tábhachtach go dtuigeann tomhaltóirí go hiomlán iad.

Ar an meán, beidh os cionn €1,000 á chaitheamh ag tomhaltóirí in aghaidh an tséasúir fhéile.
Is fearr coigilteas a úsáid chun costais na Nollag a chlúdach seachas tú féin a chur i bhfiacha. Mar sin féin, mura mbíonn aon rogha eile agat ach creidmheas a úsáid – oibrigh amach cad is gá duit a chaitheamh ar dtús.
Mura féidir leat iasacht a sheachaint, seo roinnt leideanna cabhracha chun an cás a bhainistiú go ciallmhar:
Déan liosta: Sula n-úsáideann tú creidmheas, cruthaigh liosta de na daoine go léir a bhfuil sé ar intinn agat bronntanais a cheannach dóibh agus cinntigh buiséad réalaíoch do gach duine. Trí theorainneacha soiléire caiteachais a leagan síos, seachnaíonn tú caiteachasgan ghá.
Cuir do chostais le chéile: Nuair a bheidh gach duine liostáilte agat agus buiséid aonair socraithe agat, suimigh gach rud leis an méid iomlán a bheidh uait a fháil ar iasacht. Tugann sé seo pictiúr níos soiléire duit ar an méid creidmheasa a bheidh ag teastáil uait.
Bain úsáid as cártaí creidmheasa go ciallmhar: Braitheann go leor daoine ar chártaí creidmheasa le linn shéasúr na féile mar go gceadaíonn sé duit rud éigin a cheannach láithreach ach an íocaíocht a dhéanamh níos déanaí. Tairgeann roinnt cártaí creidmheasa tréimhse cairde saor ó suas le 56 lá má íoctar an t-iarmhéid go hiomlán agus in am. Ach cuimhnigh, mura gcoimeádann tú suas le híocaíochtaí tá an baol ann go dtitfidh tú i bhfiacha. D’fhéadfadh aisíocaíochtaí teipthe dochar a dhéanamh do do scór creidmheasa freisin, rud a fhágann go mbeidh sé níos deacra airgead a fháil ar iasacht sa todhchaí.
Má tá sé ar intinn agat iasacht a fháil, déan cinnte go bhfuil an cumas agat í a aisíoc. Ní fiú duit iasacht a thógáil amach nach féidir leat a aisíoc.
Is féidir le rátaí úis ar iasachtaí a bheith difriúil idir iasachtóirí mar sin déan cinnte go lorgaíonn tú na rátaí is fearr.
Bain úsáid as uirlisí comparáide iasachtaí CCPC chun iasachtaí a chur i gcomparáid sula gcinneann tú iasacht a fháil.

Is plean maoinithe gearrthéarmach é Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí (CAÍND) a ligeann do thomhaltóirí ceannacháin a dhéanamh agus íoc astu le himeacht ama.
Go traidisiúnta, bhain tomhaltóirí úsáid as an rogha seo le haghaidh ceannacháin móra mar throscán, teilifíseáin srl – áfach, is rogha iad pleananna íocaíochta anois le haghaidh earraí níos lú.
Cé go bhféadfadh sé a bheith ina bhealach áisiúil chun costas ceannacháin níos lú a íoc thar míonna nó fiú blianta, tá sé ríthábhachtach cuimhneamh gur iasacht í seo nach mór a íoc ar ais. Má roghnaíonn tú go leor pleananna beaga CAÍND, beidh an brú ar aisíocaíochtaí níos mó.
Cé go dtugann go leor soláthraithe CAÍND tréimhse shaor ó ús duit, ní thugann soláthraithe áirithe é – mar sin bí ag faire amach do na costais sin!
D’fhéadfadh ús a bheith i socruithe CAÍND níos faide go háirithe. Is minic a úsáideann iasachtóirí CAÍND ráta úis níos airde ná na cinn a thairgeann bainc nó soláthraithe airgeadais eile.
Le CAÍND b’fhéidir go mbeidh ort táillí agus muirir bhreise a íoc má bhíonn tú déanach nó mura ndéanann tú íocaíocht.
Tá táillí déanacha difriúil idir soláthraithe. Bí cinnte go gcoimeádann tú taifead den mhéid atá caite agat agus cathain a bhíonn d’íocaíochtaí dlite.
Na rudaí nach bhfuil uait ná táillí a chuirtear le do chomhaontú CAÍND, go háirithe má tá roinnt acu ag teacht ag an am céanna. Sula dtuigeann tú cad atá ag tarlú, is féidir táillí a mhéadú.
Má theipeann ort íocaíochtaí a dhéanamh is féidir rátáil chreidmheasa dhiúltach a bheith ann, rud a d’fhéadfadh cosc a chur ort iasachtaí nó creidmheas eile, amhail morgáiste, a fháil amach anseo. Déanfar aon chomhaontú CAÍND a dhéanann tú ar feadh níos mó ná €500 a thaifeadadh ar do stair chreidmheasa.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas smacht a ghlacadh ar do chaiteachas an tséasúir Fhéile seo, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin CCPC (CLICÁIL ANSEO).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.