‘Is fuath liom é!’ An chúis a bhí fearg ar Roy Keane, agus na rudaí a dúirt leantóir Ipswich leis

25/11/2024

Scairt leantóir maslaí ar Keane chun fearg a chur air; agus ní cosúil go bhfuil aiféala air

Tá leantóir Ipswich tar éis labhairt faoin fáth ar chuir sé fearg chomh mór sin ar Roy Keane gur thug sé aghaidh air.

Bhí sé ag magadh faoi an iarpheileadóir a ndúirt leis go mbeadh sé ag fanacht air sa charrchlós.

Thosaigh an choimhlint ag an gcluiche idir Manchester United agus Ipswich Dé Domhnaigh ag staidiam Ipswich, Portman Road.

Tharla an eachtra tar éis an chluiche a chríochnú ar comhscór, 1-1.

I ngearrthóg fhíse a tháinig ar líne, feictear Keane ag insint do leantóir amháin go mbuailfidh sé leis sa charrchlós lasmuigh
I ngearrthóg fhíse a tháinig ar líne, feictear Keane ag insint do leantóir amháin go mbuailfidh sé leis sa charrchlós lasmuigh

Bhí Keane, in éineacht leis na láithreoirí eile de chuid Sky Sports, ar an bpáirc lena gcuid anailíse ar an gcluiche a thabhairt.

Le linn sos fógraíochta, d’fhág sé póidiam Sky agus chuaigh sé chun déileáil le grúpa de lucht leanúna sa seastán sraith íochtair a bhí ag béicíl air.

Bhí Keane, atá ina iarbhainisteoir ar Ipswich chomh maith lena bheith ina hiar-réalta do Manchester United, ag fáil treoracha ó léiritheoirí toisc go raibh sé ag trácht ar an gcluiche.

Agus é ag ullmhú chun dul ar ais ar aer lean na maslaí ar aghaidh. Mar sin thosaigh sé ag tabhairt aghaidh ar bhfear ar leith a bhí ag cur fearg air.

Chuir an laoch Manchester United síos a mhicreafón, chuir sé a lámha ina phócaí agus shiúil sé anonn chuig an leantóir.

I ngearrthóg fhíse a tháinig ar líne, feictear Keane ag insint don leantóir go mbuailfidh sé leis sa charrchlós lasmuigh.

Ar deireadh thiar áfach, thug lucht slándála agus láithreoirí eile Sky Sports Keane uaidh.

Chuaigh Jamie Redknapp i dteagmháil leis an leantóir freisin, tar éis do Keane an áit a fhágáil.

Anois tá fear a mhaíonn gurb é an leantóir a bhí ag argóint postáilte ar Facebook faoina ndeir sé a dúirt sé leis.

Jamie Redknapp
Jamie Redknapp

Scríobh an fear, atá ainmnithe mar Neil Finbow, ar Facebook: ‘Tá cáil orm anois. Tá mé tar éis cuireadh a fháil ó Roy Keane chun dul amach sa charrchlós.

‘Bhí ar Jamie Redknapp, fiú, teacht anall chun é a chur ar shiúl. Gnáth tráthnóna Dé Domhnaigh a bhí ann mar sin!

‘Bhí mé ag meabhrú dó gur chuir sé siar cúig bliana sinn agus gur scrios sé ár gclub peile.

‘Luaigh mé freisin nach raibh sé maith go leor chun cos a chasadh in aon áit in aice lenár dtalamh.

‘Ó, agus luaigh mé an siúl amach a rinne sé ar Chorn an Domhain agus ag briseadh cos Haaland agus á chur ina dhírbheathaisnéis.

‘Is fuath liom é, agus tá sé sin ar m’intinn ó bhí sé caite amach na blianta ó shin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram