Tá Pat Gilroy, laoch na ‘Dubs’, tar éis éirí as a ról sa CLG mar agóid faoi phá do bhainisteoirí

24/11/2024

Tá athruithe beartaithe ag an CLG cáinte ag Pat Gilroy tar éis don uachtarán Jarlath Burns a rá go bhféadfadh go n-íocfaí le bainisteoirí contae

Tá iarbhainisteoir peile Átha Cliath Pat Gilroy tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir i bPáirc an Chrócaigh.

Dúirt an t-iarbhainisteoir go bhfuil imní air faoi thionchar airgeadais atá ag dul i méid laistigh den CLG.

Dúirt Gilroy gurb é sin an chúis atá lena imeacht ón ról sinsearach sa CLG.

Threoraigh Gilroy, ó chlub Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath chuig  rath sa Chraobh na hÉireann mar bhainisteoir i 2011.

Pat Gilroy
Pat Gilroy

Tá creidiúint ag dul dó as na Dubs a thabhairt ar ais ar barr sa pheil, roimh theacht isteach Jim Gavin.

Agus le déanaí bhí sé mar chuid d’fhoireann seomra cúil Dessie Farrell nuair a bhuaigh Áth Cliath Corn Sam Maguire i 2023.

Bhí sé ag fónamh ar bhord Pháirc an Chrócaigh le ceithre bliana anuas freisin.

Agus chomh maith le bheith ina oifigeach CLG a bhfuil ardmheas air, tá aithne ar Gilroy as a scileanna gnó.

Mar sin féin, dúirt sé thar an deireadh seachtaine nach bhféadfadh sé leanúint ar aghaidh ina ról leis an CLG.

Dúirt sé go bhfuil sé imníoch, agus go bhfuil moltaí d’íocaíochtaí do bhainisteoirí ag cur isteach air.

‘Le trí nó ceithre mhí anuas, tá an CLG ag dul síos bóthar nach dóigh liom go bhfuil sé ag luí le cad ba cheart don eagraíocht a bheith,’ a dúirt sé leis an Irish Mirror.

‘Is iad na rudaí is cúis imní dom ná an chaint seo ar bhainisteoirí a íoc, agus úsáid Pháirc an Chrócaigh.

‘Táim ar fad ar son cabhrú le daoine cosúil leis an rugbaí agus iad i dtrioblóid.

‘Ach, má thosaímid ag déanamh rudaí le haghaidh airgead, cuireann sé sin imní orm mar is é an rud atá luachmhar faoin CLG ná an stádas amaitéarach,’ a dúirt Gilroy.

‘Tá sé uathúil (unique) ar fud an domhain agus tá sé á reáchtáil chomh daonlathach – ó na clubanna go dtí na Boird Chontae, na cúigí agus an Phríomh-Chomhairle.

Le déanaí chuir Jarlath Burns an smaoineamh chun cinn maidir le conarthaí íoctha do bhainisteoirí idirchontae
Le déanaí chuir Jarlath Burns an smaoineamh chun cinn maidir le conarthaí íoctha do bhainisteoirí idirchontae

‘Tá struchtúr luachmhar, uathúil daonlathais againn nach bhfuil mórán tionchar ag an airgead air, ach tá airgead ag teacht isteach,’ a dúirt Gilroy.

Le déanaí chuir Uachtarán an CLG, Jarlath Burns, an smaoineamh chun cinn maidir le conarthaí íoctha do bhainisteoirí idirchontae.

Dúirt Gilroy go bhfuil sé buartha faoi sin, agus na fadhbanna a d’fhéadfadh sé a chur faoi deara idir bainisteoirí agus a gcuid imreoirí gan phá.

Dúirt sé: ‘An smaoineamh go ndéanfaí íocaíocht ghinearálta do bhainisteoirí, an smaoineamh go mbeadh bainisteoir íoctha ag Áth Cliath ag seasamh os comhair imreoirí nach bhfuil á n-íoc.

‘Ní féidir liom glacadh leis sin.

‘Ní féidir liom a bheith mar bhall de bhord Pháirc an Chrócaigh a mbeidh orthu, sa deireadh, níos mó airgid a dhéanamh chun é seo a mhaoiniú.’

Thug sé rabhadh: ‘Níl cearta teilifíse againn a íocfaidh as spórt gairmiúil.

Bhí sé mar chuid d’fhoireann seomra cúil Dessie Farrell nuair a bhuaigh Áth Cliath Sam i 2023
Bhí sé mar chuid d’fhoireann seomra cúil Dessie Farrell nuair a bhuaigh Áth Cliath Sam i 2023

‘Caithfidh muid a bheith cúramach nach n-osclaíonn muid bosca Pandora agus nach mbeidh  cluiche gairmiúil againn.

‘Ní dóigh liom gur mian le duine ar bith é sin i ndáiríre, ach d’fhéadfadh go mbeadh daoine sa chúlra a dteastaíonn uathu é.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram