-4 san oíche: Tá rabhadh sneachta trom seolta ag Met Éireann

Tá roinnt rabhadh Stádas Oráiste agus Stádas Buí seolta amach ag Met Éireann agus dúirt siad go bhfuil siad ag súil le bóithre contúirteacha agus moill ar iompar poiblí.

Táthar ag súil le titim sneachta suntasach i sé chontae ó dheas den teorainn, dar le Met Éireann.

Tiocfaidh an rabhadh do chontaetha na Gaillimhe, an Chláir, Chorcaí, Luimnigh, Thiobraid Árann agus Phort Láirge.


weather snow feat2

Seolfaidh Met Éireann rabhaidh aimsire amach i rith na seachtaine. Más mian leat a bheith ar an eolas faoin aimsir is déanaí cliceáil ar na naisc ar an bpostáil seo am ar bith i rith na seachtaine.


Agus tá daoine sna sé chontae ó thuaidh den teorainn ag súil le hoighear trom, de réir an Met Office.

Dúirt siad go bhfuiltear ag súil le titim sneachta trom, rud a d’fhéadfadh coinníollacha taistil dainséarach a bheith ann chomh maith le drochléargas agus cur isteach ar thaisteal.

Dúirt siad go n-athróidh báisteach throm go sneachta agus flichshneachta, rud a fhágann go bhféadfadh tuilte (floods) a bheith ann.

Is féidir a bheith ag súil le moill ar iompar poiblí freisin.

D’eisigh Met Éireann rabhadh Stádas Oráiste maidir le sneachta agus oighear i nGaillimh, sa Chlár, i Luimneach agus i dTiobraid Árann.

Tá foláireamh tugtha acu faoi thitim ‘suntasach’ sneachta sna contaetha sin.

Agus d’eisigh siad rabhadh Stádas Oráiste maidir le sneachta agus báisteach do Chorcaigh agus do Phort Láirge.

Agus tá rabhadh Stádas Buí seolta ag Met Éireann freisin maidir le sneachta agus oighear i mBaile Átha Cliath, Maigh Eo agus Ros Comáin.

Mar sin féin, níltear ag súil leis an sneachta sa chuid thuaidh den tír.

Sheol an Met Office, a thugann rabhaidh aimsire do na sé chontae sa Tuaisceart, rabhadh Stádas Buí maidir le hoighear, ach ní rabhadh sneachta é, sna sé chontae ar fad: Aontroim, Ard Mhacha, An Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.

An aimsir don Déardaoin

Glanfaidh ráigeanna báistí, sneachta agus flichshneachta ó dheas maidin Déardaoin, rud a fhágfaidh lá an-fhuar eile le ceathanna báistí, flichshneachta agus sneachta, is minice ar fud Chonnacht, Uladh agus iarthar na Mumhan. Mairfidh oighear i rith an lae agus ní shroichfidh an teocht ach idir 1 agus 4 chéim i ngaoth éadrom measartha go dtí an t-iarthuaisceart, níos úire in aice leis na cóstaí thuaidh.

Beidh oíche Déardaoin fuar le sioc agus oighear. Tirim den chuid is mó le tréimhsí soiléire, cé go scaipfidh ceathanna báistí, flichshneachta agus sneachta i gCúige Uladh, Connachta agus Cúige Mumhan.

An teocht is ísle de -4 go +1 céim i ngaoth measartha siar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram