

Agus comórtais sa toghchán ar siúl i 43 toghcheantar (ardú ó 39 an uair dheireanach) is deacair a thuar cad a tharlóidh timpeall na tíre.
Ach sa toghchán seo tá roinnt toghcheantar, cosúil leis na ‘swing states’ i dtoghchán Mheiriceá, a thabharfaidh le fios cad is dócha a tharlóidh sa chuid eile den tír.
Anseo thíos féachaimid ar na chéad cúig cinn de 10 dtoghcheantar a d’fhéadfadh an difríocht a dhéanamh ar 29 Samhain. Cuid a dó Dé Céadaoin.

Agus dhá cheannaire páirtí anseo, Michael Collins (Éire Neamhspleách) agus Holly Cairns (Daonlathaithe Sóisialta), tá teannas sa toghcheantar seo.
Rud suimiúil faoin dtoghchán seo, Chaill Fine Gael suíochán anseo agus tá siad ag iarraidh é a fháil ar ais leis an Seanadóir Tim Lombard. Níl éinne slán seachas Collins.
Má bhuann Fine Gael agus Christopher O’Sullivan ó Fhianna Fáil ní thiocfaidh aon athrú ar phríomhpháirtithe an rialtais.
Mar sin féin, níor bhuaigh Cairns an suíochán ach le haistriú ollmhór ó Shinn Féin i 2020. Tá próifíl níos airde aici sa toghchán seo, mar sin ba chóir go gcabhródh sé sin léi.

Chuir imeacht Aire Fhine Gael Heather Humphreys leis an éiginnteacht anseo.
Tá seans ag Sarah O’Reilly ó Aontú agus ag Shane P O’Reilly as Éire Neamhspleách suíochán a bhuachan. Má bhuann an bheirt acu suíocháin beidh sé ina chomhartha ar theip ar cheannaireacht na bpáirtithe sa Rialtas go dtí seo.
Táthar ag súil go gcoinneoidh Matt Carthy ó Shinn Féin a shuíochán ach beidh sé deacair dó.
Tá beirt iarrthóir sa toghchán ag Fianna Fáil, Niamh Smyth agus Brendan Smith; tá beirt eile ag Sinn Féin, Cathy Bennett agus Pauline Tully; agus tá triúr comhairleoir ag Fine Gael, David Maxwell, TP O’Reilly agus Carmel Brady.

Tá iar-TD Fhine Gael Noel Rock ag iarraidh suíochán a bhuachan arís. Agus tá an t-acadúil Rory Hearne, atá i mbun feachtais go láidir thar na blianta ar son plean tithíochta ceart, ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta. Tá súil acu go gheobhaidh sé suíochán Róisín Shortall a chabhraigh leis an bpáirtí a bhunú, ach nach bhfuil ag seasamh an uair seo.
Tá súil ag Dessie Ellis de chuid Shinn Féin suíochán a bhuachan freisin, ach beidh troid aige.

Tá Alan Shatter ar ais mar iarrthóir Neamhspleách ach ag iarraidh vóta Fhine Gael. Ba cheart do Neale Richmond ó Fhine Gael a suíochán a choinneáil ach seans go mbeidh ar iarrthóir eile an pháirtí, Maeve O’Connell, troid le Shatter le haghaidh vótaí Fhinne Gael?
Beidh súil ag an iarrthóir neamhspleách Mick Fleming suíochán a ghlacadh ar chostas aire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin, a bhí ar bharr na vótaíochta an uair dheireanach. Beidh Fianna Fáil ag súil go mbeidh siad in ann suíochán a bhuachan le Shay Brennan.

Tá Fine Gael ag iarraidh an dara suíochán a bhuachan sa toghchán seo le Jennifer Carroll MacNeill agus ba cheart do Richard Boyd Barrett (Pobal Roimh Bhrabús) a shuíochán a choinneáil. Mar sin féin, beidh Cormac Devlin (Fianna Fáil) agus Ossian Smyth (An Comhaontas Glas) ag streachailt le suíochán a bhuachan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.