

Chaith na céadta duine láib (mud) ar Rí Felipe na Spáinne agus ar an mBanríon Letizia, chomh maith leis an bPríomh-Aire, agus thug siad ‘dúnmharfóirí’ orthu.
Tharla sé seo agus an grúpa ag iarraidh cuairt oifigiúil a thabhairt ar cheann de na ceantair is deacra a bhuail na tuilte marfach leo.
Idir an dá linn tá bean Éireannach, atá ina chónaí i Valencia, tar éis insint faoin gcaoi ar tháinig pobal na hÉireann le chéile chun cabhrú leis an nglanachán.

Tá Úna Harty, 28, as Co. Luimnigh, ina cónaí i lár na cathrach de Valencia le breis is bliain.
Dúirt sí go bhfuil imeachtaí á n-eagrú ag daoine as Éirinn chun airgead a bhailiú, trealamh a cheannach chun láib a ghlanadh, agus soláthairtí leighis, bia, táirgí sláintíochta, bia linbh agus éadaí a bhronnadh.
Dúirt sí: ‘Tá an pobal ag teacht le chéile i ndáiríre. Tá go leor airgid tugtha ag Éireannaigh chun cabhrú leis na daoine anseo. Chuirfeadh sé bród ort.’

Agus dúirt múinteoir Gaeilge as Baile Átha Cliath, atá ina chónaí ó dheas de Valencia, nach raibh sé in ann a bhaile a fhágáil mar gheall ar a bheith ‘á timpeallaithe ag uisce’.
Dúirt John Fahy, 55, atá ina chónaí i mbaile cois farraige ar a dtugtar Cullera, freisin nach raibh bia ar bith sna hollmhargaí, agus nach raibh súil le soláthairtí nua le tamall.
Léirigh radhairc i Paiporta Dé Domhnaigh an fhearg agus an frustrachas i measc mhuintir na Spáinne.

Tá fearg orthu mar gheall ar cuireadh teachtaireacht amach Dé Máirt, ag rá le cónaitheoirí gan imeacht, tar éis do na huiscí tuile tosú ag ardú.
Dúirt go leor den lucht agóide gur cheart do Pedro Sánchez, Príomh-Aire na Spáinne, agus Carlos Mazón, ceannaire réigiúnach Valencia, éirí as.
Nuair a thosaigh an slua ag caitheamh láib rinneadh Sánchez a aslonnú (evacuate) go tapa agus bhain garda cosanta (bodyguards) úsáid as scáthanna fearthainne (umbrellas) chun an grúpa a chosaint ón láib.
‘Cad a bhí siad ag súil leis?’ a d’fhiafraigh duine áitiúil amháin agus é ar buile. ‘Tá fearg mhór ar dhaoine. Ba cheart go mbeadh Pedro Sánchez anseo ar an gcéad lá le sluasaid.’

D’áitigh Rí na Spáinne leanúint leis an gcuairt agus ag pointe amháin bualadh le fear a ghuil (cried) ar a ghualainn.
Bhí fear óg ina choinne freisin a dúirt leis: ‘Thréig tú sinn.’
D’fhiafraigh an fear óg cén fáth ar fágadh na cónaitheoirí leo féin chun déileáil leis na tuilte marfacha.
‘Tá tú ceithre lá ródhéanach,’ ar seisean leis an Rí.

‘Bhí a fhios acu faoi seo, bhí a fhios acu faoi, agus fós ní dhearna siad faic,’ a bhéic sé ar an monarc. ‘Is náire é.’
Dúirt Pálás Ríoga na Spáinne níos déanaí go raibh pleananna an Rí chun cuairt a thabhairt ar an dara baile sa réigiún curtha ar atráth.
Tharla agóid an phobail tar éis ardú go 217 ar líon na marbh ó na tuilte.
Chomh maith leis sin, d’eisigh an oifig mheitéareolaíochta foláireamh dearg, ag tuar tuilleadh báistí trom i limistéar na Spáinne agus phléadáil méaraí áitiúla le hoifigigh cabhair a sheoladh.
‘Tá fearg an domhain orainn agus beidh muid scriosta,’ a dúirt Guillermo Luján, Méara Aldaia. ‘Caithfimid tosú arís agus táim ag impí ar chabhair. Cabhraigh linn le bhur dtoil.’

Bhí 33,000 cónaitheoir an bhaile sin i measc go leor daoine sa réigiún a bhí ag déileáil le toradh na dtuilte a bhí ar na cinn is measa i stair nua-aimseartha na Spáinne. Tá líon na ndaoine atá ar iarraidh fós anaithnid.
Dúirt Luján go bhfuil géarghá ar a bhaile féin le hinnealra trom chun na feithiclí atá ar na sráideanna a ghlanadh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.