Éist le Biden! Ar scrios sé seans Kamala Harris an bua a fháil ar Trump?

31/10/2024

Tá go leor vótálaithe Arabach-Mheiriceánach ag dul le Trump in ionad Harris, agus anois tá Biden tar éis cuir síos ar lucht tacaíochta Trump mar ‘garbage’

Agus níos lú ná seachtain le dul chuig Lá an Toghcháin i Meiriceá, tá níos mó trioblóide tugtha ag an Uachtarán Joe Biden do Kamala Harris.

Glaoigh sé ‘garbage’ ar lucht tacaíochta Donald Trump, agus tá an-chuid daoine, ní amháin vótálaithe Trump ar buile faoi sin.

Tar éis do Biden labhairt faoi lucht tacaíochta a bheith ina ‘bhruscar’, bhí Donald Trump le feiceáil i trucail bruscair chun magadh a dhéanamh ar na tuairimí.

Tá Harris i dtrioblóid cheana féin le vótálaithe óga Daonlathacha agus le Moslamaigh mar gheall ar thacaíocht láidir Biden d’ionsaithe Iosrael ar Gaza.

Agus theip ar iarracht Biden cáineadh a dhéanamh ar ráitis chiníocha ó chainteoir ag ‘rally’ feachtais do Donald Trump.

Thosaigh an trioblóid do Biden nuair a ghlaoigh an fear grinn Tony Hinchcliffe ar Pórtó Ríce mar ‘oileán truflais (garbage) ar snámh (floating island of garbage)’ ag rally ag Madison Square Garden i Nua-Eabhrac Dé Domhnaigh.

Bhí sé sin ar cheann den iliomad ráiteas uafásach agus ciníoch a rinne lucht tacaíochta Trump ag an imeacht.

Ag labhairt dó le linn glao tiomsaithe airgid Dé Máirt, áfach, dúirt Biden: ‘Is é an t-aon truflais (garbage) a fheicim ag snámh amuigh ansin ná a lucht tacaíochta.’

Idir an dá linn tá vótálaithe Arabach-Mheiriceánach i Michigan, ceann de na seacht stát ‘swing’ a chinnfidh an toghchán, tar éis labhairt ag tacú le Trump.

De réir pobalbhreith YouGov a eisíodh an tseachtain seo caite, i measc vótálaithe Arabach-Mheiriceánach, cibé acu Críostaí nó Moslamach, tá ceannasaíocht náisiúnta de 45% go 43% ag Trump ar Kamala Harris.

I bpobalbhreith níos luaithe, a ghlac an Institiúid Arabach-Mheiriceánach, faoi stiúir an Liobáin-Mheiriceánach James Zogby, bhí Trump chun tosaigh le 42% go 41%.

Donald Trump agus Joe Biden
Donald Trump agus Joe Biden

Cé gur beag an difríocht idir an dá cheann is í an fhadhb atá ann do Harris ná, go traidisiúnta, go raibh tromlach mór na Meiriceánaigh Arabacha i bhfabhar iarrthóirí uachtaránachta Daonlathacha.

Anois, áfach, deir tromlach gur Poblachtánaigh nó neamhspleácha iad.

Agus díobh siúd nach bhfuil ina lucht tacaíochta do cheann den dá pháirtí, deir 68% de na vótálaithe Arabacha-Mheiriceánacha gur coimeádaigh iad, agus níl ach 27% ina liobrálaithe, dar le YouGov.

Agus tar éis tacaíocht láidir Biden d’Iosrael, lena n-áirítear diúracáin a sholáthar, deir an chuid is mó de na Arabacha-Mheiriceánacha go mbeadh Trump níos fearr ag láimhseáil na coimhlinte Iosrael-Palaistíneach.

Tá Trump chun tosaigh ar Harris le 39% go 33% i measc an ghrúpa sin.

Deir YouGov go bhfuil Trump sé phointe chun tosaigh ar Harris i measc an ghrúpa sin mar gheall ar an ngeilleagar, ceist náisiúnta ríthábhachtach do gach vótálaí.

Tá méadú tagtha ar thacaíocht don iarrthóir Daonlathach ó chuaigh  Biden ar leataobh agus ligean do Harris seasamh ina ionad ach cé nach bhfuil sé ag seasamh, d’fhéadfadh sé a bheith mar an duine a chuideoidh le Trump filleadh ar an Teach Bán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram