

Tá comhairleoirí áitiúla ag iarraidh bac a chur ar ionad chun áit chónaithe a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn (asylum seekers) i rith an gheimhridh.
Tá plean ann chun tithe a chur ar fáil i mBaile Átha Luain (Athlone) ach tá roinnt comhairleoirí áitiúla ag iarraidh stop a chur leis.
Tá sé ráite ag an Rialtas go gcaithfear tosú ar an obair faoi cheann seachtainí le cinntiú go mbeidh an chéad 100 duine in ann bogadh isteach de réir mar a éiríonn an geimhreadh níos fuaire.

Mhínigh urlabhraí ón Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil gá leis an bplean agus go bhfuil sé mar chuid de straitéis an Rialtais áit chónaithe bhunúsach a chur ar fáil do 13,000 duine atá ag lorg cosanta ón Stát faoi 2028.
Dúirt siad go leanfaidh siad orthu ag bualadh le comhairleoirí áitiúla agus le grúpaí pobail áitiúla.
Bhuail comhairleoirí áitiúla le hionadaí sinsearach ón Roinn oíche Mháirt chun na pleananna a phlé.
Ina ainneoin sin mhaígh comhairleoirí go bhfuil easpa comhairliúcháin ann.
Dúirt foinse áitiúil go mbainfidh comhairleoirí úsáid as an Acht Sláintíochta mura bhfaigheann siad an méid atá uathu ón Roinn, de réir tuairisc san Irish Daily Mail.
Dúirt an Roinn go mbeidh slándáil ag an ionad i Lios Uí Mhaoláin (Lissywollen) agus go mbeidh foireann ar an suíomh 24 uair sa lá.
Beidh cead ag daoine ar an suíomh imeacht agus filleadh ar ais mar níl aon chúis nár cheart cead a thabhairt dóibh, áfach, beidh orthu síniú isteach agus amach as an áis.
Tá an lóistín atá á chur ar fáil an-bhunúsach dóibh siúd a bheidh ina gcónaí ann.
Is é an plean tosaigh ná deichniúr fear a áitiú i ngach puball, agus d’fhéadfadh suas 1,000 duine a bheith ar an láthair sa ghearrthéarma.

Tá sé beartaithe tithe modúlacha a bheith ar an láthair ach ní bheidh sé sin ann go dtí am éigin amach anseo.
Is TD don cheantar í urlabhraí Oideachais Shinn Féin Sorca Clarke agus tá sí i gcoinne an fhoscaidh seo a chur ar fáil do lucht iarrtha tearmainn.
Mhaígh sí go bhfuil seirbhísí sínte ar an mbaile cheana féin, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.
Dúirt sí: ‘Is líon mór daoine é míle duine do bhaile ina bhfuil ganntanas soláthair d’fhiaclóirí, dochtúirí agus tacsaithe fiú.’
Tá ganntanas dochtúirí agus fiaclóirí in Éirinn i gcoitinne.
B’éigean do go leor teifeach codladh ina bpubaill féin in aice leis na canálacha i mBaile Átha Cliath agus i gceantair eile mar gheall ar an ghanntanas lóistín atá an Stát ag iarraidh a chur ar fáil.
Cuireadh milleán freisin ar bhaill de ghrúpaí ar dheis as tinte i bhfoirgnimh a bhí á n-ullmhú chun lóistín a chur ar fáil.

Lean na hionsaithe ar inimircigh ar aghaidh in ainneoin na tuairisce is déanaí a léiríonn go mbeidh 80,000 oibrí tógála breise ag teastáil ó Éirinn chun bonneagar na tíre a thabhairt suas go caighdeáin Eorpacha.
Beidh na hoibrithe breise ag teastáil freisin chun níos mó tithe a thógáil, agus tá ganntanas foirne leighis inár n-ospidéil freisin.
Tá thart ar 170,000 ar an lucht oibre tógála faoi láthair, agus mar sin bheadh méadú suntasach, beagnach leath den fhigiúr sin arís, ar an líon breise oibrithe a bheadh ag teastáil, de réir tuarascála ó Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann (Irish Fiscal Advisory Council, IFAC).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.