Hector agus Tommy Tiernan ag teacht ar ais leis an bpodchraoladh?

21/10/2024

Íoslódáladh an podchraoladh le Hector, Tommy agus Laurita 30 milliún uair –  anois deir Hector, seans go ndéanfaidh siad Oasis, agus go bhfillfidh siad

D’fhéadfadh na seanchairde Hector Ó hEochagáin agus Tommy Tiernan a bheith le chéile arís ar an aer lena bpodchraoladh.

Tá podchraoladh móréilimh Tommy, Hector & Laurita íoslódáilte 30 milliún uair ó seoladh é le linn na paindéime.

Ach ansin dúirt an triúr go raibh an podchraoladh ag teacht chun deiridh. Ach an bhfuil sé le tuiscint ó Hector go bhféadfadh athbheochan a bheith ar an mbealach?

Tommy, Hector & Laurita
Tommy, Hector & Laurita

‘Tá Tommy gnóthach, mar a bhíonn sé i gcónaí, agus tá mé i gcónaí gnóthach ach táimid chun a bheith cosúil le Oasis.

‘Más féidir le Oasis teacht ar ais tar éis 25 bliain, táim cinnte gurbh fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais tar éis bliana.

‘Caithfidh gach banna maith teacht ar ais le haghaidh albam eile, nach ea?’ ar seisean.

‘Watch this space! Tá tús curtha leis na comhráite.’

Chuaigh sé féin agus Tommy, a bhí ina gcairde scoile ó bhí siad 12 bliana d’aois, i dteagmháil le bean Mhaigh Eo Laurita Blewitt chun bualadh le chéile i dteach na gcearc (hen house) gairdín Tommy chun eipeasóid seachtainiúla a thaifeadadh.

‘Bhí iníon álainn ag Laurita cúpla seachtain ó shin, mar sin ní mór di roinnt ama saor a thógáil agus tá an bhliain seo tiomnaithe di,’ a dúirt sé.

Mar sin b’fhéidir gur ar Tommy agus ar Hector a bheidh an fhreagracht gáire a dhéanamh d’éisteoirí.

‘Bhí an podchraoladh iontach,’ a dúirt sé. ‘Chuir sé áthas ar go leor daoine agus chuir sé an-áthas orainn mar rinne muid gáire agus bhí muid ag gol freisin ar an bpodchraoladh sin.’

Bhí an láithreoir ag labhairt agus a shraith ag cur síos ar a chuid taistil is déanaí sa Mhuir Chairib ag tosú Déardaoin ar TG4.

Is in Havana a chuirfidh sé tús lena aistear sa Mhuir Chairib agus feicfidh sé an fás agus forbairt atá tagtha ar an gcathair seo.
Is in Havana a chuirfidh sé tús lena aistear sa Mhuir Chairib agus feicfidh sé an fás agus forbairt atá tagtha ar an gcathair seo.

In Hector Caribbean, déanann sé iniúchadh ar an réigiún dhá scór bliain tar éis a chuairte deiridh.

Is in Havana a chuirfidh sé tús lena aistear sa Mhuir Chairib agus feicfidh sé an fás agus forbairt atá tagtha ar an gcathair seo.

Buailfidh sé leis an gceoltóir snagcheoil Bobby Carcassés agus gheobhaidh sé blaiseadh de cheol Chúba.

•Hector Caribbean, TG4, 9.30pm


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram