Tá iar-amhránaí One Direction Liam Payne marbh ag aois 31, tar éis titim ó fhuinneog óstán

16/10/2024

Bhí Liam Payne san Airgintín le haghaidh ceolchoirm Niall Horan níos luaithe an mhí seo agus bhí siad le chéile ag an seó, tá sé á thuairisciú

Bhásaigh iar-amhránaí One Direction, Liam Payne, lasmuigh d’óstán i bpríomhchathair na hAirgintíne, Buenos Aires, Dé Céadaoin.

Fuarthas an t-amhránaí Briotanach, a bhí 31 bliain d’aois, marbh tar éis titim ó thríú urlár an óstáin, de réir na seirbhísí éigeandála.

Thuairiscigh TMZ go raibh sé san Airgintín le déanaí le haghaidh ceolchoirm de chuid Niall Horan, níos luaithe an mhí seo, áit ar tháinig siad le chéile arís ag an seó.

Liam le Cheryl
Liam le Cheryl

Bhí Liam tar éis postáil a dhéanamh ar Snapchat, cúpla uair roimh a bhás, ag rá gur ‘lá álainn anseo san Airgintín’ a bhí ann.

‘Ag baint suilt as caife agus bricfeasta, cé go bhfuil sé thart ar 1pm,’ a dúirt sé.

Labhair an réalta faoi ‘dul ag marcaíocht ar chapall’ agus dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil mé chun póló a imirt arís, rud a chuirfidh as an ghníomhaíocht mé ar feadh sé seachtaine.’

Bhí sé mar chuid de One Direction ón tús, a bunaíodh ar X Factor in 2010, in éineacht le Horan, Zayn Malik, Louis Tomlinson, agus Harry Styles.

Thosaigh Liam ar shlí bheatha aonair tar éis do One Direction a fhógairt go raibh siad ag dul i dtreonna difriúla io 2015.

Bhí mac ag Liam darbh ainm Bear, atá seacht mbliana d’aois, ón gcaidreamh a bhí aige roimhe seo leis an amhránaí Cheryl, a bhí ina bhreitheamh ar X Factor.

Rugadh é i Wolverhampton, Sasana, do Geoff agus Karen Payne.

Bhí beirt deirfiúir níos sine ag Liam, Nicola agus Ruth, agus rugadh Liam trí seachtaine go luath, agus bhí go leor fadhbanna sláinte aige dá bharr sin.

Agus é óg ar an X Factor
Agus é óg ar an X Factor

Ó bhí sé sé bliana d’aois léirigh Liam comharthaí de thallann cheoil ach bhí sé ag iarraidh a bheith ina reathaí Oilimpeacha.

Bhí sé ina bhall de Chlub Lúthchleasaíochta Wolverhampton agus Bilston.

Tháinig deireadh lena bhrionglóid reatha ag 14 bliana d’aois nuair nach bhfuair sé áit ar fhoireann scoileanna Shasana.

Ag an bpointe sin, chinn sé díriú go hiomlán ar a chuid amhránaíochta, cé go raibh sé i gcónaí mar chuid de lucht leanúnacht chlub peile, West Bromwich Albion.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram