Laoch rugbaí na hÉireann ar thriail i ‘gcás gadaíocht €500,000’

16/10/2024

Iar-imreoir rugbaí d’Éire i gcás líomhaintí ‘gadaíocht, dallamullóg agus cuntasaíocht bhréagach’ ina ról mar cheannaire bainc

Tá sé curtha in iúl do ghiúiré gur ghoid iar-imreoir idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann Brendan Mullin breis is €500,000 ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann.

Dúradh sa chúirt gur ghoid Mullin, atá 60 bliain d’aois, an t-airgead nuair a bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar an mbanc, breis agus deich mbliana ó shin.

Cuireadh tús le triail Mullin, ó Bhóthar Stigh Lorgan, Domhnach Broc (Donnybrook), Baile Átha Cliath 4, i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Iar-imreoir rugbaí d’Éire Brendan Mullin
Iar-imreoir rugbaí d’Éire Brendan Mullin

Séanann an tUasal Mullin na 15 chúiseamh go léir ina choinne, a líomhnaítear a tharla idir Iúil 2011 agus Márta 2013.

Phléadáil sé neamhchiontach i gcúis amháin gur ghoid sé €500,000 ó Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann, Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4, ar an 16 Nollaig 2011, chomh maith le hocht gcúis eile as méideanna éagsúla airgid a ghoid ón mbanc ar dhátaí éagsúla.

Phléadáil sé freisin neamhchiontach i gcomhaireamh amháin de mheabhlaireacht agus cúig chomhaireamh de chuntasaíocht bhréagach. Líomhnaítear gur tharla na cúisimh ag Banc Príobháideach Bhanc na hÉireann, Bóthar Mespil.

Dúradh leis an ngiúiré go raibh an tUasal Mullin ina stiúrthóir bainistíochta ar Bhanc Príobháideach Bhanc na hÉireann ag am na gcionta líomhainta agus gur iar-idirnáisiúnta rugbaí é a d’imir d’Éirinn.

Dúirt an t-ionchúisitheoir Dominic McGinn gur cás mímhacántachta airgeadais é seo a bhaineann le cúisimh as gadaíocht, dallamullóg agus cuntasaíocht bhréagach.

Dúirt sé go raibh Mullin ina stiúrthóir bainistíochta ar Bhanc Príobháideach Banc na hÉireann, cuid den bhanc a bhí ag plé le hinfheistíochtaí, i measc rudaí eile.

Dúirt an tUasal McGinn gur bhain ocht gcúiseamh –  ceithre chúiseamh cuntasaíochta bréagach agus ceithre chúiseamh gadaíochta –  le híocaíochtaí líomhainta a rinne Banc na hÉireann le McCann Fitzgerald Solicitors.

Dúradh sa chúirt go raibh McCann Fitzgerald fostaithe ag an Uasal Mullin chun roinnt oibre a dhéanamh do chuideachta a raibh sé ina stiúrthóir air, ar a dtugtar Quantum Investment Strategies.

Dúirt an tUasal McGinn nuair a thug McCann Fitzgerald sonrasc (invoice) don Uasal Mullin as an obair sin, gur iarr an t-iarimreoir rugbaí ar McCann Fitzgerald na sonraisc a athrú agus iad a chur chuig an mbanc ina ionad sin.

‘Ba cheart go mbeidís íoctha ag Quantum nó ag an Uasal Mullin,’ a dúirt an tUasal McGinn. ‘Ach is an banc a íoc astu.’

Dúirt sé go raibh líomhaintí comhchosúla maidir le cuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht i gcoinne an Uasail Mullin maidir le gnólacht cuntasóirí cairte (chartered accountant) ar a dtugtar Beechwood Partners, a d’oibrigh don iar-imreoir rugbaí maidir lena ghnóthaí pearsanta.

Séanann an tUasal Mullin na 15 chúiseamh go léir ina choinne, a líomhnaítear a tharla idir Iúil 2011 agus Márta 2013
Séanann an tUasal Mullin na 15 chúiseamh go léir ina choinne, a líomhnaítear a tharla idir Iúil 2011 agus Márta 2013

Dúirt sé nuair a eisíodh an sonrasc chuig seoladh baile an iar-imreoir rugbaí, gur shocraigh sé go n-athrófaí go dtí an seoladh bainc é.

Maidir le trí chúiseamh gadaíochta eile, dúirt an tUasal McGinn gur sheol an chuideachta Grant Thornton trí shonrasc chuig an Uasal Mullin maidir le hobair a rinneadh ar a chuideachta, Quantum.

Líomhain an t-ionchúiseamh gur údaraigh an t-iarimreoir rugbaí ansin go ndéanfadh an banc na híocaíochtaí seo ina ionad.

Ag caint faoin líomhain mar gheall ar an €500,000, dúirt an tUasal McGinn go bhfuil an cúlra a bhaineann leis seo casta.

Dúirt sé gur aistríodh é, ar deireadh thiar, chuig comhlacht ar a dtugtar Spice Holdings, a bhí cláraithe sna British Virgin Islands.

Dúirt an tUasal McGinn go raibh cliseadh cumarsáide (communications breakdown) i gcodanna den bhanc maidir le hearráid árachais saoil (life assurance error), ag an am, ina raibh €1.6 milliún dlite do thart ar dheichniúr nó 12 custaiméir.

Dúirt sé gur údaraigh (authorised) an tUasal Mullin aistriú i mí Iúil 2011 chun €500,000 a íoc le Spice Holdings, nach raibh ar cheann de na cliaint a raibh polasaí árachais aige.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram